Language of document :

Caingean arna tabhairt an 1 Nollaig 2023 – Butzkies-Schiemann v EUIPO – U.S. Corrosion Technologies (CorrosionX)

(Cás T-1127/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sven Butzkies-Schiemann (Büdelsdorf, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Drzymalla, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: U.S. Corrosion Technologies LLC (Garland, Texas, Stáit Aontaithe Mheiriceá)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “CorrosionX” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 14 304 349

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 15 Meán Fómhair 2023 i gCás R 1795/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir agus don phairtí eile na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 24(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún;

Sárú ar Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois).

____________