Language of document :

Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2024 – an Coimisiún Eorpach v Ard-Diúcacht Lucsamburg

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-275/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Hottiaux, I. Zaloguin, M. Wasmeier, Gníomhairí)

Cosantóir: Ard-Diúcacht Lucsamburg

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:

a dhearbhú tríd an méid seo a leanas a thrasuí go mícheart:

Airteagal 5(2) agus (4) de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013, maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse (IO 2013 L 294, lch. 1),

agus Airteagal 5(2) agus (4) den Treoir sin i gcomhar le hAirteagal 10(3), a bhaineann le himeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach,

gur mhainnigh Ard-Diúcacht Lucsamburg a hoibleagáidí faoin Treoir sin a chomhlíonadh;

a ordú d’Ard-Diúcacht Lucsamburg na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Baineann an chaingean seo le trasuí mícheart Airteagal 5(2) agus (4) ag Lucsamburg, ar leithligh agus i gcomhar le hAirteagal 10(3) de Threoir 2013/48. Leagtar síos leis an Treoir sin rialacha íosta maidir leis na cearta atá ag daoine atá faoi dhrochamhras agus ag daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla agus ag daoine atá faoi réir imeachtaí de bhun Chinneadh Réime 2002/584/CGB maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, maidir le rochtain a bheith acu ar dhlíodóir, maidir le tríú páirtí a chur ar an eolas faoi chailleadh saoirse agus maidir le cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalacha nuair a chailltear an tsaoirse.

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart náisiúnta cur chun feidhme a chuir Lucsamburg in iúl faoi thrasuí Threoir 2013/48 sa chóras dlí náisiúnta, mheas an Coimisiún nach léirítear le téacs Dhlí an 10 Lúnasa 1992 maidir le cosaint don aos óg, mar a chuir Lucsamburg in iúl é faoi thrasuí na Treorach, agus lena rialaítear na bearta arna ndéanamh maidir le mionaoisigh i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha i Lucsamburg, na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 5(2) agus (4) den Treoir sin (i gcomhar le hAirteagal 10(3) den Treoir maidir le himeachtaí faoi réir barántas gabhála Eorpach).

Thionscain an Coimisiún an nós imeachta um shárú in aghaidh Lucsamburg i mí na Samhna 2021 agus d’eisigh sé tuairim réasúnaithe ina leith i mí an Mheithimh 2023. Ós rud é nach raibh sé sásta leis na freagraí a tugadh, chinn an Coimisiún an chaingean seo a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais.

____________