Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 7 Feabhra 2024 – X.Y.

(Cás C-103/24, Zastępca Rzecznika Dyscyplinarnego)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Najwyższy

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: X.Y.

Páirtithe eile sna himeachtaí: Zastępca Rzecznika Dyscyplinarnego przy Sądzie Okręgowym w Piotrkowie Trybunalskim

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar leis an gcéad mhír agus leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú mar seo a leanas:

tá sé d’oibleagáid ar an gCúirt Uachtarach náisiúnta, in imeachtaí speisialta arna dtionscnamh ag páirtí trí bhíthin iarratas chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann breitheamh den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Pholainn)(an Chúirt Uachtarach) – atá sannta don phainéal atá ag éisteacht cás araíonachta in aghaidh breitheamh gnáthchúirte – ceanglais an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta, scrúdú a dhéanamh uaithi féin ar cé acu atá nó nach bhfuil an painéal a tarraingíodh trí chrannchur as measc bhreithiúna uile na Cúirte Uachtaraí ina bhinse freisin ‘arna bhunú roimhe sin le dlí’;

má tá an t-iarratas chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann breitheamh den Chúirt Uachtarach na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht bunaithe ar an bpléadáil gur ceapadh an breitheamh atá i gceist ina phost nó ina post faoi nós imeachta ceapacháin lochtach (bunúsach), ansin ní fhéadfaidh painéal de chúigear breithiúna arna dtarraingt trí chrannchur as measc bhreithiúna uile na Cúirte Uachtaraí breithiúna den Chúirt Uachtarach a ceapadh faoin nós imeachta ceapacháin lochtach céanna a áireamh, ós rud é nach féidir painéal den sórt sin den Chúirt Uachtarach a mheas mar bhinse neamhspleách neamhchlaonta arna bhunú roimhe sin le dlí;

má tá freagra dearfach ar an gceist a chuirtear i láthair i bpointe 1(2) thuas:

An ndéantar difear do chomhdhéanamh neamhrialta an phainéil iomláin – i gcás ina scrúdaítear an gcomhlíonann breitheamh na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht – i gcomhthéacs an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 47 [an chéad mhír agus an dara mír] den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, toisc nár ceapadh ach beirt bhreithiúna as an bpainéal cúigear breithiúna dá bpoist mar bhreithiúna den Chúirt Uachtarach faoi nós imeachta ceapacháin lochtach (bunúsach), is é sin le rá, an féidir leanúint de na himeachtaí agus rialú a thabhairt, ós rud é nach ndéanann an tsaincheist maidir le ceapachán lochtach chuig post mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach difear do thromlach na mbreithiúna sa phainéal roghnaithe?

más é an freagra ar an gceist a chuirtear i láthair i bpointe II, i gcás ina n-áirítear ar an bpainéal cúig bhreitheamh a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta beirt bhreitheamh nó fiú breitheamh amháin den Chúirt Uachtarach a ceapadh go míchuí, nach binse í an chúirt sin de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a mhéid atá locht bunúsach ar an bpróiseas ceapacháin:

Chun cosaint a thabhairt do cheart na bpáirtithe go n-éistfí a gcás laistigh de thréimhse réasúnach ama de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an ceadmhach do chúirt atá comhdhéanta de bhreitheamh aonair (breitheamh is rapóirtéir), nach bhfuil a cheapachán nó a ceapachán chuig post breithimh den Chúirt Uachtarach lochtach, scrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht ag breitheamh den Chúirt Uachtarach (a ceapadh chun cás araíonachta i gcoinne gnáthbhreitheamh cúirte a éisteacht) mar iarratas chun breitheamh den Chúirt Uachtarach a eisiamh faoi na rialacha ginearálta?

____________