Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2023 – Pumpyanskaya v an Chomhairle

(Cás T-1108/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Galina Evgenyevna Pumpyanskaya (Ekaterinburg, an Rúis) (ionadaithe: G. Lansky, P. Goeth, A. Egger agus E. Steiner, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

 Neamh-infheidhmeacht Airteagal 2(1)(f) de Chinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329 an 25 Feabhra 2022 (IO L 50/1) agus Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh (CBES) Uimh. 2014/145 arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1094 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 (IO L 146/20) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus Airteagal 3(1)(f) de Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 (IO L 51/1) agus Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE) 2023/1089 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 (IO L 146/1) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

in éineacht le (1) thuas nó mar mhalairt air sin, go gcuirfí ar neamhní Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 226/104) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 226/3) (‘Na cinntí atá faoi chonspóid’);

agus in éineacht le (1) thuas nó (2) thuas, a ordú don Chomhairle na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de na Rialacha Nós Imeachta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta cosanta an iarratasóra.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur ghníomhaigh an Chomhairle go neamhdhleathach agus na cinntí atá faoi chonspóid á fheidhmiú aici, sa mhéid go ndearna an Chomhairle earráid measúnaithe maidir leis an iarratasóir.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid réasúin a shonrú a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraíonn ainmniú an iarratasóra go neamhdhleathach cearta áirithe de chuid an iarratasóra arna gcosaint faoin gCairt um Chearta Bunúsacha.

____________