Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2023 – Usmanov v an Chomhairle
(Cás T-1117/23)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Alisher Usmanov (Tashkent, an Úisbéiceastáin) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante agus M. Pirovano, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
A chur ar neamhní:
Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin 1 , agus
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin 1 .
A ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear saobhadh fianaise agus saobhadh na bhfíricí ábhartha agus easpa iontaofachta, sainiúlachta agus luacha cruthúnais na fianaise arna bhrath an Chomhairle air.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil earráid fhollasach measúnaithe déanta ag an gComhairle.
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus oibleagáid cúiseanna a lua ag an gComhairle.
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe.
An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta.
An séú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha chun saoil phríobháidigh agus ar mhaoin.
____________
1 IO 2023, L 226, lch. 104.
1 IO 2023, L 226, lch. 3.