Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2023 – IN tIME Express Logistik v EUIPO (inTime Agile Logistics)
(Cás T-1100/23)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: IN tIME Express Logistik GmbH (Isernhagen, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Wittwer, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais ‘inTime Agile Logistics’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 898 425
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 25 Meán Fómhair 2023 i gCás R 1134/2023-1
An t ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú don chosantóir, tríd an gCinneadh a chonspóidtear a mhodhnú, cinneadh nua a dhéanamh maidir le hiarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 898 425 ‘InTime Agile Logistics’ a chlárú, agus tuairim na Cúirte á cur san áireamh;
a ordú do EUIPO na costais a thabhaítear os comhair na Cúirte Ginearálta agus sna himeachtaí achomhairc agus athbhreithnithe a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 41(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha i gcomhar le hAirteagal 20 agus le hAirteagal 21(1) den Chairt thuasluaite.
____________