Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2024 – Vía Atlántica Adegas e Viñedos v EUIPO – Casa Relvas (VIA ATLÁNTICA)

(Cás T-301/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘VIA ATLANTICA’ – Trádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ‘ATLÂNTICO’ – Forais choibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) Rialachán (AE) 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Vía Atlantica Adegas e Viñedos, SL (Chantada, an Spáinn) (ionadaí: E. Manresa Medina, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Fredendahl, Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Casa Relvas Lda (Redondo, an Phortaingéil)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Márta 2023 (cás R 1419/2022-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.    Diúltaítear don chaingean.

2.    Ordaítear do Vía Atlántica Adegas e Viñedos, SL agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 252, 17.7.2023.