Iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Münster (an Ghearmáin) a taisceadh an 6 Iúil 2022 – Michael Schütte v Finanzamt Brilon
(Cás C-453/22)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Finanzgericht Münster
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Michael Schütte
Cosantóir: Finanzamt Brilon
Na ceisteanna a tharchuirtear
In imthosca na bpríomhimeachtaí, an gceanglaítear le forálacha Threoir 2006/112/CE 1 – go háirithe le prionsabal na neodrachta cánach agus prionsabal na héifeachtachta – go mbeidh an ceart ag iarratasóir chun aisíocaíocht ar cháin bhreisluacha a d’íoc sé go mí-chuí lena soláthróirí reamhtheachtacha, ús san áireamh, a éileamh go díreach ó na húdaráis chánach, cé go bhfuil an fhéidearthacht ann fós go ngníomhóidh na soláthróirí réamhtheachtacha i gcoinne na n-údarás cánach tráth níos déanaí, ar bhonn ceartúchán ar na sonraisc, agus gur féidir fós nach mbeidh cúis chaingne ag na húdaráis chánach sin i gcoinne an iarratasóra ansin a thuilleadh, agus é de thoradh air sin go bhfuil riosca ann go mbeadh ar na húdaráis chánach an cháin bhreisluacha chéanna a aisíoc faoi dhó?
____________
1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).