Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Bealtaine 2024 – Dermavita Company v EUIPO – Allergan Holdings France (JUVÉDERM)
(Cás T-181/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘JUVÉDERM’ – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Gan aon mheon mímhacánta – Airteagal 51(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (Airteagal 51(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001))
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Dermavita Company S.a.r.l. (Béiriút, an Liobáin) (ionadaí: D. Todorov, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Allergan Holdings France (Courbevoie, an Fhrainc) (ionadaithe: T. de Haan, S. Vandezande, Dlíodóirí, agus J. Day, solicitor)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Feabhra 2023 (Cás R 904/2022-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Díbhtear don chaingean,
2. Ordaítear do Dermavita Company S.a.r.l. na costais a íoc.
____________
1 IO C 179, 22.5.2023.