Ordú na Cúirte Ginearálta an 11 Nollaig 2023 – Nieß v EUIPO – Terrasoverkapping inkoop.nl (GARTENLÜX)
(Cás T-754/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh GARTENLÜX – Ainm cuideachta agus ainm gnó roimhe seo GARTENLUX – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Andrea Nieß (Kempen, an Ghearmáin) (ionadaí: A. Erlenhardt, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: A. Ringelhann agus D. Stoyanova-Valchanova, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, ag idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Terrasoverkapping-inkoop.nl BV (Venlo, an Ísiltír) (ionadaí: O. Möhring, Dlíodóir)
Ábhar
Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Meán Fómhair 2022 (Cás R 607/2022-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Andrea Nieß, chomh maith lena costais féin, na costais arna dtabhú ag Terrasoverkapping-inkoop.nl BV a íoc.
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 24, 23.1.2023