Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Eanáir 2024 – Athlet v EUIPO – Heuver Banden Groothandel (ATHLET)
(Cás T-650/22)1
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Trádmharc an Aontais Eorpaigh ‘ATHLET’ – Dearbhfhoras le diúltú – Meon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (arb é Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois é))
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Athlet Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: S. Reinhard, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Hanf, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Heuver Banden Groothandel BV (Den Ham Ov, an Ísiltír) (ionadaithe: R. Kunze, F. Tyra agus E. Beer, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Lúnasa 2022 (Cás R 2214-2019-1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Déantar an chaingean a dhíbhe.
Ordaítear do Athlet Ltd a chostais féin, mar aon le costais Heuver Banden Groothandel BV a íoc.
Ordaítear do EUIPO a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 35, 30.1.2023.