Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 25 Aibreán 2024 – AI, ZY, BG v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid
(Cás C-290/24, Abkez) 1
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Raad van State
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóirí: AI, ZY, BG
Freagróir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 4 de Threoir 2001/55/CE 1 ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta le cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach de dhaoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Bhallstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar le léiriú sa chaoi, i gcás inar bhain Ballstát leas as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) den Treoir sin chun cosaint shealadach a dheonú faoin Treoir sin do chatagóirí eile daoine easáitithe freisin (‘an grúpa roghnach’), go leanfaidh an chosaint shealadach a tugadh don ghrúpa roghnach sin ní hamháin i gcás síneadh uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) don tréimhse a shonraítear san fhoráil sin, ach freisin i gcás cinneadh chun an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a shíneadh ar feadh na tréimhse a shonraítear san fhoráil sin?
An ndéanann sé difear don fhreagra ar an gceist cé acu a leanfaidh an chosaint shealadach arna tabhairt don ghrúpa roghnach i gcás cinneadh chun í a shíneadh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) gur chinn an Ballstát deireadh a chur leis an gcosaint shealadach a tugadh don ghrúpa roghnach sular chinn an Chomhairle an chosaint shealadach a shíneadh ar feadh bliana mar a thagraítear dó in Airteagal 4(2)?
____________
1 Is ainm bréige é an t-ainm a úsáidtear sa chás seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.
1 IO 2001 L 212, lch. 12.