Language of document :

Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2024 – DT v Eulex Kosovo

(Cás T-218/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: DT (ionadaí: A. Kunst, Dlíodóir)

Cosantóir: Eulex Kosovo

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir, ar bhonn caingean de bhun Airteagal 272 CFAE, 1 agus caingean le haghaidh damáistí do dhliteanas conarthach (Airteagal 340(1) CFAE), ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil cinneadh Eulex Kosovo an 13 Samhain 2023 chun conradh an iarratasóra a fhoirceannadh, arna thugadh fógra ina leith don iarratasóir ar an lá céanna, neamhdhleathach;

a dhearbhú go bhfuil cinneadh Eulex Kosovo an 20 Feabhra 2024, arna thugadh fógra ina leith don iarratasóir an 22 Feabhra 2024, neamhdhleathach;

a ordú, ar bhonn dliteanas conarthach de bhun Airteagal 340(1) CFAE, do Eurlex Kosovo cúiteamh a íoc don iarratasóir as (a) an díobháil ábhartha arna fulaingt mar thoradh ar an dá chinneadh neamhdhleathacha atá faoi chonspóid agus gníomhartha eile, sa tsuim a chomhfhreagraíonn le pá neamhíoctha arb ionann é agus 19 mí d’olltuarastal agus teidlíochtaí eile agus (b) an díobháil neamhábhartha arna fulaingt mar thoradh ar an dá chinneadh neamhdhleathacha atá faoi chonspóid agus gníomhartha eile, arna measúnú go sealadach ex aequo et bono ag EUR 45 000;

a ordú do Eurlex Kosovo na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an iarratasóir, mar aon le hús 8%.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir an cheart chun éisteacht a fháil. -     Áitíonn an t-iarratasóir nár tugadh éisteacht dó roimh dhíothú a phost ach gur cuireadh é ar an eolas faoi an lá a fhógraíodh post an-chosúil nuachruthaithe ar fud an mhisin.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir an dualgas cúiseanna a lua. -    Áitítear nach nochtann an dá chinneadh atá faoi chonspóid faisnéis leordhóthanach ar an bhfáth a ghlacadh an cinneadh post an iarratasóra a dhíothú, cinneadh ba chúis le foirceannadh a chonradh.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir prionsabal an ionchais dhlisteanaigh a chosaint. -    Áitíonn an t-iarratasóir go bhfuair sé dearbhuithe beachta, neamhchoinníollacha agus comhsheasmhacha go raibh a phost agus a fhostaíocht slán.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir an buan-nós imeachta oibríochta maidir le Prionsabail agus Próiséas Athchumraíochta, an dualgas curaim atá ann i leith leas na foirne, prionsabal an dea-riaracháin, agus mí-úsáid cumhachtaí. -    Is botún suntasach fíorais é an cinneadh post an iarratasóra a dhíothú. Mhainnigh an cosantóir cúiseanna bailí a sholáthair maidir lena chinneadh toisc nach bhfuil aon difríocht shuntasach idir post an iarratasóra agus an post nuachruthaithe. Ní raibh an cinneadh bunaithe ar thosca oibiachtúla.

____________

1 Déanann an t-iarratasóir freisin caingean mhalartach faoi Airteagal 263 CFAE, ag iarraidh, ar an mbunús dlí sin, cinneadh Eurlex Kosovo an 13 Samhain 2023 chun a chonradh a fhoirceannadh a chur ar neamhní, sa chás gur cheart don Chúirt Ghinearálta dlínse a dhiúltiú faoi Airteagal 272 CFAE. Tá na horduithe atá á lorg agus na saincheisteanna dlí comhionann leo siúd arna dtíolacadh faoi Airteagal 272 CFAE.