Caingean arna tabhairt an 27 Bealtaine 2024 – People Against Dirty v EUIPO – Ningbo Future Houseware (ecovie)
(Cás T-281/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: People Against Dirty Holdings Ltd (Frimley, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: J. Quirin, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ningbo Future Houseware Co. Ltd (Ningbo, an tSín)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh ecovie - Iarratas ar chlárú Uimh. 18 667 427
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Márta 2024 i gCás R 1334/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________