Language of document :

Caingean arna tabhairt an 6 Bealtaine 2024 – Zver v an Coimisiún

(Cás T-235/24)

Teanga an cháis: an tSlóivéinis

Páirtithe

Iarratasóir: Milan Zver (Destrnik, an tSlóivéin) (ionadaí: J. Stušek, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh ón gCoimisiún an 7 Márta 2024 lena ndiúltaítear go páirteach d’iarratas an iarratasóra ar rochtain a chur ar neamhní;

an oibleagáid a fhorchur ar an gcosantóir na doiciméid go léir a iarrtar a chur in iúl don iarratasóir, nó cead a thabhairt don iarratasóir iad a iniúchadh, sa dá chás gan mhoill, lena n-áirítear na ríomhphoist a bhaineann le heagrú mhisean Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Věra Jourová go dtí an tSlóivéin a tharla an 1, 2 agus 3 Márta 2023;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí agus costais ionadaíochta a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar rialacha nós imeachta arna bhforordú ad substantiam le Rialachán (CE) Uimh. 1049/20011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go háirithe Airteagail 6, 7 agus 8 de, chomh maith le prionsabail ghinearálta an nós imeachta riaracháin.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear, sárú ar rialacha substainteacha dhlí an Aontais, go háirithe mar gheall ar mhífheidhmiú Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir mí-úsáid cumhachta.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).