Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2024 – Noster Finance v EUIPO – Wewi Mobile (finect)
(Cás-263/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: NOSTER Finance SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: A. Lorente Berges, dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc: Wewi Mobile SL (Villena, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: An tIarratasóir
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh finect – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 011 323 136
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Márta 2024, Cás R 1965/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
míreanna 2 agus 3 den chuid oibríochtúil den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
clárú an trádmhairc atá faoi chonspóid a choinneáil ar an bhforas gur léiríodh na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na seirbhísí in Aicmí 36, 38 agus 42;
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí seo a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 41(2)(a) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
Sárú ar Airteagal 58(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 62(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________