Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóivéine

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-318/23)

Teanga an cháis: an tSlóivéinis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Ondrůšek, M. Escobar Gómez, U. Babovič agus A. Kraner, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Slóivéine

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a ordú gur mhainnigh Poblacht na Slóivéine a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 260(1) CFAE ós rud é nár ghlac sí na bearta go léir is gá chun breithiúnas na Cúirte i gCás C-140/14, an Coimisiún v an tSlóivéin a chomhlíonadh, a mhéid a bhaineann sé le Ceapach Uimh. 115/1 i mbardas Teharje (Bukovžlak);

a ordú do Phoblacht na Slóivéine pionós EUR 4 500 a íoc leis an gCoimisiún in aghaidh an lae ó dháta fógartha an bhreithiúnas sna himeachtaí seo go dtí an dáta a chomhlíonfaidh Poblacht na Slóivéine breithiúnas na Cúirte i gCás C-140/14 a mhéid a bhaineann sé le Ceapach Uimh. 115/1 i mbardas Teharje (Bukovžlak);

a ordú do Phoblacht na Slóivéine cnapshuim laethúil EUR 500 a íoc leis an gCoimisiún, a mhéadaítear faoin méid laethanta ón mbreithiúnas a fhógairt i gCás C-140/14 go dtí cé acu is luaithe den dáta a chomhlíonfaidh Poblacht na Slóivéine an breithiúnas sin a mhéid a bhaineann sé le Ceapach Uimh. 115/1 i mbardas Teharje (Bukovžlak), nó dáta fógartha an bhreithiúnais sna himeachtaí seo, arb EUR 280 000 é íosmhéid iomlán na cnapshuime;

a ordú do Phoblacht na Slóivéine a costais féin agus costais an Choimisiúin a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chinn an Chúirt sa bhreithiúnas i gCás C-140/14 go raibh sé le meas go raibh diúscairt na dramhaíola ar Cheapach Uimh. 115/1 i mbardas Teharje (Bukovžlak) neamhdhleathach agus gur mhainnigh an tSlóivéin na hoibleagáidí atá uirthi a chomhlíonadh, oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 13 agus 36(1) de Threoir Uimh. 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 1 in Airteagail 5(3)(e) agus 6 de Threoir Uimh. 1999/31/CE ón gComhairle, 2 arna léamh in éineacht le Cinneadh Uimh. 2003/33/CE ón gComhairle, 3 agus le hAirteagail 7 go 9, 11 agus 12 de Threoir Uimh. 1999/31/CE ón gComhairle, chomh maith le hIarscríbhinní I go III de Threoir Uimh. 1999/31/CE ón gComhairle, trí chead díuscartha dramhaíola a thabhairt gan údarú ar an suíomh sin ar dtús agus gan aon bheart a ghlacadh ina dhiaidh chun an dramhaíl sin a bhaint.

Chuir Poblacht na Slóivéine na bearta ar leith chun an tslí is fearr a roghnú leis an dramhaíl a dhiúscairt agus chun na hoibreacha a dhéanamh chun an breithiúnas i gCás C-140/14 a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann sé le Ceapach Uimh. 115/1 i mbardas Teharje (Bukovžlak) in iúl don Choimisiún. Chuige sin, sheol Poblacht na Slóivéine tráthchlár chuig an gCoimisiún Eorpach ar dá réir a chuirfí an t-athshlánú chun feidhme go críochnaitheach idir an chéad seimeastar de 2020 agus an 3 Samhain 2021.

Ós rud é go raibh moilleanna ar na teorannacha ama a shonraítear sa tráthchlár, sheol an Coimisiún Eorpach litir fógra fhoirmiúil chuig Poblacht na Slóivéine an 8 Meitheamh 2018. Dheimhnigh Poblacht na Slóivéine go sainráite don Choimisiún, ina freagra ar an litir fógra fhoirmiúil sin, go ndéanfaí na hoibreacha athshlánaithe sin faoin gcéad teorainn ama a sonraíodh sa tráthchlár dá dtagraítear thuas, ach níorbh amhlaidh a bhí. Tá láithreán líonadh talún neamhdhleathach ann go fóill, arna bhunú agus a bhfuil cothabháil á déanamh air de shárú ar reachtaíocht an Aontais is infheidhme in ainneoin an bhreithiúnais ón gCúirt inar bunaíodh an sárú sin, rud lena gcuirtear an comhshaol agus sláinte an duine i mbaol. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún Eorpach caingean a thabhairt faoi Airteagal 260(2) CFAE.

____________

 1     Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO 2008 L 312, lch. 3).

 1     Treoir Uimh. 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO 1999 L 182, lch. 1).

1     Cinneadh 2003/33/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena mbunaítear critéir agus nósanna imeachta maidir le glacadh le dramhaíl ag líonadh talún de bhun Airteagal 16 de Threoir 1999/31/CE agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir chéanna (IO 2003 L 11, lch. 27).