Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Lecce (an Iodáil) a taisceadh an 24 Bealtaine 2023 – ED v Ministero dell’Istruzione e del Merito, Istituto Nazionale della Previdenza Sociale (INPS)

(Cás C-322/23 Lufoni1 )

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Lecce

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ED

Cosantóirí: Ministero dell’Istruzione e del Merito, Istituto Nazionale della Previdenza Sociale (INPS)

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le Clásal 4 [den Chomhaontú Réime] de Threoir 99/701 ar reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagail 485 agus 489 d’Fhoraithne Reachtach Uimh 297/1994, Airteagal 11(14) de Dhlí Uimh. 124/99 agus Airteagal 4(3) d’Fhoraithne an Uachtaráin Uimh 399/88, lena ndéantar foráil maidir le fad na seirbhíse sular tháinig duine chun bheith ina  bhall foirne buan a ríomh, ag cur san áireamh an tAirteagal 11(14) thuasluaite, go hiomlán ar feadh na chéad ceithre bliana amháin agus, do na blianta ina dhiaidh sin, measúnú dhá thrian chun críocha dlíthiúla agus eacnamaíocha agus an tríú cuid eile chun críocha eacnamaíocha amháin agus tar éis fad áirithe seirbhíse dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) de Fhoraithne an Uachtaráin Uimh. 399/88 a bhaint amach?

In aon chás, chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil idirdhealú ann de réir bhrí Chlásal 4 [den Chomhaontú Réime] de Threoir 99/70, an gá an chúirt náisiúnta fad seirbhíse réamhbhunaithe a aithnítear tráth an teachta seirbhíse san fhoireann bhuan a chur san áireamh nó, a mhalairt sin, an gá an corpas iomlán rialacha a chur san áireamh maidir leis an gcaoi a gcaitear le fad na seirbhíse sin agus, dá bhrí sin, na rialacha lena bhforáiltear, i dtréimhsí i ndiaidh teacht isteach sa bhall foirne buan, chun fad iomlán seirbhíse a aisghabháil chun críocha tuarastail amháin?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 i ndáil leis an gComhaontú Réime maidir le hobair téarma shocraithe a thug ETUP, UNICE agus CEEP i gcrích (IO 1999 L 175, lch. 43).