Caingean arna tabhairt an 1 Márta 2024 – Ty v EUIPO – Carletto Management & Logistik (Glubschi)
(Cás T-135/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Ty, Inc. (Westmont, Illinois, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: V. von Bomhard, J. Fuhrmann agus A. Malkmes, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Carletto Management & Logistik AG (Wollerau, an Eilvéis)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Glubschi” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 11 756 161
Nós imeachta os comhair EUIPO: Nós imeachta cealúcháin
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 13 Nollaig 2023 i gCás R 1918/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an Cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO agus, má dhéanann sé idiragairt, don idiragraí na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________