Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 29 Samhain 2022 - Republik Österreich v GM
(Cás C-734/22)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Republik Österreich
Freagróir ar an achomharc: GM
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. An bhfuil Airteagal 3 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 1 infheidhme go díreach maidir le héilimh ina n-iarrann Poblacht na hOstaire cabhair a dheonaigh sí de réir conartha d’iarratasóirí ar mhaoiniú faoi chlár cabhrach agraí-chomhshaoil de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 2 a aisghabháil trí leigheasanna de chuid an dlí phríobháidigh toisc gur sháraigh faighteoir na cabhrach oibleagáidí conarthacha?
2. I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 1, an gcaithfear an tríú fomhír d’Airteagal 3(1) den Rialachán dá dtagraítear i gCeist 1 a léiriú sa chaoi go bhfuil idirbhriseadh freisin sa tréimhse theorann de bharr imscrúduithe nó imeachtaí dlí i gcás ina n-iarrann an páirtí a thug an chabhair, tar éis an chéad iarratas seachbhreithiúnach i leith éileamh ar aisíocaíocht, ar fhaighteoir an deontais arís, roinnt uaireanta más iomchuí, an chabhair a aisíoc agus ina dtugann sé fógra rabhaidh go seachbhreithiúnach seachas a éileamh ar aisíocaíocht a dhéanamh sna cúirteanna?
3. I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1, an bhfuil cur i bhfeidhm thréimhse theorann 30 bliain dá bhforáiltear sa dlí sibhialta náisiúnta i leith na n-éileamh ar aisíocaíocht i gCeist 1 i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe prionsabal na comhréireachta?
____________
1 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO 1995 L 312, lch. 1).
1 Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2005 L 277, lch. 1).