Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – DDP Specialty Electronic Materials US 8 v EUIPO – Taniobis (AMBERTEC)
(Cás T-76/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘AMBERTEC’ – Focalmharc níos luaithe de chuid Aontais Eorpaigh ‘AMPERTEC’ – Forais choibhneasta le diúltú – Easpa riosca mearbhaill – Airteagal 8(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – An ceart chun éisteacht a fháil – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: DDP Specialty Electronic Materials US 8 LLC (Collegeville, Pennsylvania, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: G. Gibbons, Dlíodóir, R. Minch agus A. Bateman, Aturnaetha)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Raponi agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Taniobis GmbH (Goslar, an Ghearmáin)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 14 Samhain 2022 (Cás R 1988/2021-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 14 Samhain 2022 (Cás R 1988/2021-4) ar neamhní.
Ordaítear do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais riachtanacha arna dtabhú ag DDP Specialty Electronic Materials US 8 LLC chun críocha na n-imeachtaí os comhair Bhord Achomhairc de EUIPO.
____________
1 IO C 121, 3.4.2023.