Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Bealtaine 2024 – Rotenberg v an Chomhairle

(Cás T-268/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Igor Rotenberg (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta go gcuirfí ar neamhní:

Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 13 Márta 2024; agus

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 13 Márta 2024;

dá dtagraítear le chéile mar na ‘gníomhartha atá faoi chonspóid’, a mhéid go n-áirítear leis na gníomhartha atá faoi chonspóid an t-iarratasóir ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, ar Airteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith le sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus ar Airteagal 47 den Chairt.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe - mainneachtain an dualgas cruthúnais a urscaoileadh - sárú ar na critéir maidir le liostú a leagtar amach in Airteagail 1(1)(b) agus (d), agus 2(1)(d) agus (f) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(d) agus (f) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, araon a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus lena n-éilítear neamhdhleathacht faoi Airteagal 277 CFAE.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha an iarratasóra, sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra chun maoine agus saoirse chun gnó a sheoladh agus sárú ar Airteagail 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

____________