Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2023 – Taxolutions v EUIPO – Haufe-Lexware (TAXMARC)
(Cás T-1154/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Taxolutions BV (Sint-Michielsgestel, an Ísiltír) (ionadaí: R. Stoop, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Haufe-Lexware GmbH & Co. KG (Freiburg im Breisgau, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh “TAXMARC” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 047 421
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bhord Achomhairc de EUIPO an 10 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 131/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO costais an iarratais seo a íoc agus a ordú do Haufe-Lexware costais na n-imeachtaí os comhair an Rannáin Freasúra agus an Bhoird Achomhairc a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________