Caingean arna tabhairt an 20 Nollaig 2023 – Spin Master Toys UK v EUIPO – Verdes Innovations (Cruth sé dhromchla socraithe i dtrí phéire comhthreomhara)
(Cás T-1170/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Spin Master Toys UK Ltd (Marlow, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: V. von Bomhard agus A. Malkmes, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Verdes Innovations SA (Corinth, an Ghréig)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh “Cruth sé dhromchla socraithe i dtrí phéire comhthreomhara” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 9 975 681
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 20 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 853/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, sa chás go ndéanfaidh sé idirghabháil, costais na n-imeachtaí a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(e)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle.
____________