Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2024 – SZ DJI Technology v EUIPO – Vision Research (PHANTOM)
(Cás T-211/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: SZ DJI Technology Co. Ltd (Shenzhen, an tSín) (ionadaithe: A. Renck, S. Petivlasova agus A. Bothe, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Vision Research, Inc. (Wayne, Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an t-Aontas Eorpach i ndáil leis an bhfocalmharc ‘PHANTOM’ – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an t-Aontas Eorpach Uimh. 1 173 012
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Feabhra 2024 i gCás R 2125/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú, eadhon mír 1 dá chuid oibríochtúil, agus a chinneadh go gcoimeádtar an trádmharc atá faoi cheist ar chlár na gceamaraí ardluais faoi Aicme 9;
mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid maidir le míreanna 1 agus 4 dá chuid oibríochtúil a neamhniú go páirteach; agus
a ordú don chosantóir agus don idiragraí, costais na n-imeachtaí, más ann dóibh, a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) agus Airteagal 58(2) i gcomhar le hAirteagal 198(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________