Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – Dendiki v EUIPO – D-Market (hepsiburada)
(Cás T-172/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘hepsiburada’ – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Meon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Dendiki BV (Roosendaal, an Ísiltír) (ionadaithe: N. Ruyters agus A. Klomp, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: D-Market Elektronik Hizmetler ve Ticaret Anonim Sirketi (Iostanbúl, an Tuirc) (ionadaithe: I. Robledo McClymont agus M. Hernández Gázquez, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 24 Eanáir 2023 (Cás R 639/2021-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Dendiki BV a chostais féin, agus na costais arna dtabhú ag D-Market Elektronik Hizmetler ve Ticaret Anonim Sirketi, a íoc.
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 179, 22.5.2023.