Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – Atomico Investment v EUIPO – Gomes Tominaga (atomic fund)
(Cás T-98/23)1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh atomic fund – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ATOMICO – Gan cruthúnas ar chlú an mhairc níos luaithe – Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 – An cás a tharchur chuig an Rannán Freasúra)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Atomico Investment Holdings Ltd (Road Town, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean) (ionadaí: S. Malynicz, Abhcóide)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: P. Georgieva, D. Gája agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Augusto Gomes Tominaga (Amstardam, an Ísiltír)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 9 Nollaig 2022 (Cás-R 324/2022 2) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear don chaingean.
Ordaítear do Atomico Investment Holdings Ltd na costais a íoc.
____________
1 IO C 127, 11.4.2023.