Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht München I (an Ghearmáin) an 22 Lúnasa 2023 – Bundesrepublik Deutschland v Mutua Madrileña Automovilista
(Cás C-536/23, Mutua Madrileña Automovilista)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht München I
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Bundesrepublik Deutschland
Cosantóir: Mutua Madrileña Automovilista
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála 1 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 11(1)(b) den Rialachán céanna, a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh Ballstát den Aontas Eorpach a lean ar aghaidh, mar fhostóir, ag íoc tuarastail le státseirbhíseach a bhí faoi éagumas oibre (go sealadach) tar éis tionóisc bhóthair agus atá seachaithe maidir le cearta an státseirbhísigh sin i gcoinne na cuideachta, atá bunaithe i mBallstát eile, lena bhfuil árachas dliteanais shibhialta don fheithicil a bhí i dtionóisc, cás a thabhairt, mar “pháirtí díobhálaithe” de réir bhrí na forála sin, i gcoinne na cuideachta árachais sin os comhair na cúirte in áit chónaithe an státseirbhísigh sin atá faoi éagumas oibre, i gcás ina gceadaítear caingne díreacha den sórt sin?
____________
1 IO 2012 L 351, lch. 1.