Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 28 Feabhra 2024 – GMG Srl, faoi leachtú v Ministero della Giustizia

(Cás C-157/24, GMG)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: GMG Srl, faoi leachtú

Cosantóir: Ministero della Giustizia

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Treoir 2000/35/CE1 , arna leasú le Treoir 2011/7/AE2 , agus go háirithe Airteagail 1, 2(1) agus (2) agus 4(3) de, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta nó cleachtas náisiúnta lena:

(a)    n-eisiatar an cháilíocht mar idirbhearta tráchtála, de réir bhrí na Treorach, le haghaidh seirbhísí a thugtar in aghaidh luach saothair cairtfhostóirí an trealaimh a úsáidtear le haghaidh cúleisteacht arna iarraidh sin d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, a chuireann faoi réir córas substainteach agus nós imeachta na gcostas dlí urghnách iad;

(b)    n-eisiatar, go héifeachtach, ó rialacháin úis a leagtar síos sa Treoir na seirbhísí thuasluaite idir cairtfhostóirí agus Ionchúisitheoirí?

An bhfuil Treoir 2000/35/CE, arna leasú le Treoir 2011/7/AE agus go háirithe Airteagal 10(1) le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta nó cleachtas náisiúnta lena ndéantar foráil do thréimhse éiginnte (‘gan mhoill’) chun suimeanna atá dlite do sholáthraí seirbhíse a íoc, rud a fhágann nach bhfuil cearta an chreidiúnaí sin in-fhorghníomhaithe ar bhealach atá infheidhmithe go héifeachtach agus go hiomlán sásúil?

____________

1     Treoir 2000/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO 2000 L 200, lch. 35).

1     Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (athmhúnlú) (IO 2011, L 48, lch. 1).