Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) arna taisceadh an 4 Samhain 2022 — Adusbef — Associazione difesa utenti servizi bancari e finanziari agus páirtithe eile v Presidenza del Consiglio dei ministri agus páirtithe eile
(Cás C-683/22)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Adusbef - Associazione difesa utenti servizi bancari e finanziari, AIPE - Associazione italiana pressure equipment, Confimi Industria Abruzzo - Associazione dell’industria manifatturiera e dell’impresa privata dell’Abruzzo
Cosantóirí: Presidenza del Consiglio dei ministri, Ministero dell’Economia e delle Finanze, Ministero delle Infrastrutture e della Mobilità sostenibili, DIPE – Dipartimento programmazione e coordinamento della politica economica, Autorità di regolazione dei trasporti, Corte dei Conti, Avvocatura Generale dello Stato
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An bhfuil sé contrártha do dhlí [an Aontais] an reachtaíocht náisiúnta a léiriú sa chiall go bhféadfaidh an t-údarás dámhachtana nós imeachta a thionscnamh maidir le modhnú suibiachtúil agus oibiachtúil a dhéanamh ar lamháltas mótarbhealaigh bailí nó ar athchaibidliú an lamháltais sin, gan measúnú agus seasamh a chur in iúl maidir leis an oibleagáid nós imeachta um sholáthar poiblí a sheoladh?
An bhfuil sé contrártha do dhlí [an Aontais] an reachtaíocht náisiúnta a léiriú sa chiall go bhféadfaidh an t-údarás dámhachtana nós imeachta a thionscnamh maidir le modhnú suibiachtúil agus oibiachtúil a dhéanamh ar lamháltas mótarbhealaigh bailí nó ar athchaibidliú an lamháltais sin, gan measúnú a dhéanamh ar iontaofacht lamháltóra a rinne mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí a chomhlíonadh?
I gcás ina sainaithnítear sárú ar phrionsabal maidir le soláthar poiblí agus/nó i gcás ina bhfuarthas amach go bhfuil sealbhóir lamháltais mótarbhealaigh neamhiontaofa, an bhforchuirtear oibleagáid le reachtaíocht [an Aontais] deireadh a chur leis an gcaidreamh?
____________