Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – Simpson Performance Products v EUIPO – Freundlieb (BANDIT)
(Cás T-173/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BANDIT’ – Focalmharc neamhchláraithe BANDIT níos luaithe – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Airteagal 2(2)(g) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 – Sainaithint na n-earraí agus na seirbhísí ar a bhfuil an freasúra bunaithe)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Simpson Performance Products, Inc. (New Braunfels, Texas, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: J. Götz, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Andreas Freundlieb (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: J. Vogtmeier, Dlíodóir)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 19 Eanáir 2023 (Cás R 784/2022-2) a chur ar neamhní nó a athrú.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear cinneadh an Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 19 Eanáir 2023 (Cás R 784/2022-2) ar neamhní.
Diúltaítear don chuid eile don chaingean.
Ordaítear do EUIPO a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Simpson Performance Products, Inc. a íoc.
Ordaítear do Andreas Freundlieb a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 179, 22.5.2023.