Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Stuttgart (an Ghearmáin) a taisceadh an 3 Bealtaine 2023 - HE v Bundesrepublik Deutschland

(Cás C-288/23, El Baheer 1 )

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Stuttgart

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HE

Cosantóir: Bundesrepublik Deutschland

Na ceisteanna a tharchuirtear

I gcás nach gceadaítear do Bhallstát an chumhacht a fheidhmiú, arna tabhairt le hAirteagal 33(2)(a) de Threoir 2013/32/AE 1 , chun diúltú d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta toisc é a bheith do-ghlactha mar gheall ar stádas dídeanaí a bheith deonaithe i mBallstát eile, toisc go bhfágfadh na dálaí maireachtála sa dara Ballstát sin an t-iarratasóir i mbaol tromchúiseach íde mídhaonna nó tháireach de réir bhrí Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an gcaithfear an dara habairt d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 2 , an dara habairt d’Airteagal 4(1) agus Airteagal 13 de Threoir 2011/95/AE 3 agus Airteagal 10(2) agus (3) agus Airteagal 33(1) agus (2)(a) de Threoir 2013/32/AE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc, leis an stádas dídeanaí a deonaíodh cheana, ar an mBallstát scrúdú a dhéanamh go neamhspleách ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a cuireadh faoina bhráid agus go gcuirtear d’oibleagáid air stádas dídeanaí a dheonú don iarratasóir gan na coinníollacha substainteacha maidir leis an gcosaint sin a fhíorú?

Más é an freagra ar an gcéad cheist nach mbeidh deonú stádais dídeanaí ag an gcéad Bhallstát ceangailteach ar an dara Ballstát agus nach mór don dara Ballstát an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a cuireadh faoina bhráid a scrúdú go neamhspleách:

An gcuirtear bac leis an bhfíoras go mbeadh an t-iarratasóir i mbaol íde mhídhaonna nó tháireach de réir bhrí Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha, mar gheall ar an staid sa Bhallstát a dheonaigh an stádas dídeanaí, ar an gcinneadh go gceanglaítear ar an iarratasóir dul chuig críoch an Bhallstáit dheonaithe láithreach, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE 1 , sa chaoi go gcuirtear ar chumas an dara Ballstát cinneadh um fhilleadh chuig tír thionscnaimh an iarratasóra a ghlacadh ar bhonn an dara habairt d’Airteagal 6(2) agus Airteagal 6(1) de Threoir 2008/115/CE gan cinneadh a dhéanamh roimh ré faoin oibleagáid ar an iarratasóir de bhun na chéad abairte d’Airteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE?

Sa chomhthéacs sin, ar cheart aird a thabhairt ar an staid sa Bhallstát deonaithe amháin, is é sin, an critéar céanna leis an gceann a úsáidtear chun críoch cinneadh de bhun Airteagal 33(2)(a) de Threoir 2013/32/AE a chur i bhfeidhm, nó an féidir gurb amhlaidh, tar éis scrúdú neamhspleách arna dhéanamh ag an dara Ballstát, nach ndeonaítear an stádas cosanta sa Bhallstát sin don iarratasóir agus go bhfuil an rogha aige ansin filleadh ar an mBallstát inar deonaíodh stádas dídeanaí dó nó ar a thír thionscnaimh?

Más é an freagra ar an dara ceist gur cheart a chinneadh go gceanglaítear ar an iarratasóir, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE, dul chuig críoch an Bhallstáit a dheonaigh stádas dídeanaí dó láithreach:

An féidir cinneadh aonair a ghlacadh lena gcinntear go gceanglaítear ar an iarratasóir dul chuig críoch an Bhallstáit dheonaithe láithreach i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE agus lena nglactar cinneadh um fhilleadh ar thír thionscnaimh an iarratasóra ar bhonn an dara habairt d’Airteagal 6(2) agus Airteagal 6(1) de Threoir 2008/115/CE?

Más é an freagra ar an dara ceist nach ceart a chinneadh go gceanglaítear ar an iarratasóir, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 6(2) de Threoir 2008/115CE, dul chuig críoch an Bhallstáit a dheonaigh stádas dídeanaí dó láithreach:

An gcuirtear cosc le prionsabal an non-refoulement (Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha, Airteagal 5 de Threoir 2008/115/CE, Airteagal 21(1) de Threoir 2011/95/AE) ar chinneadh um fhilleadh ar thír thionscnaimh an iarratasóra ar bhonn an dara habairt d’Airteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(1), i gcás inar deonaíodh stádas dídeanaí d’iarratasóir i mBallstát eile agus ina gcinneann an Ballstát ina bhfuil sé faoi láthair agus inar thaisc sé a iarratas ar thearmann, tar éis scrúdú neamhspleách, nach ceart stádas cosanta a bhronnadh air?

Más é an freagra ar an gceathrú ceist go gcuirtear bac ar chinneadh um fhilleadh le prionsabal an non-refoulement:

Ar cheart prionsabal an non-refoulement (Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha, Airteagal 5 de Threoir 2008/115/CE, Airteagal 21(1) de Threoir 2011/95/CE) a chur san áireamh agus an cinneadh um fhilleadh á ghlacadh ar bhonn an dara habairt d’Airteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(1), leis an toradh nach féidir an cinneadh um fhilleadh a ghlacadh, nó an gcaithfear cinneadh um fhilleadh a ghlacadh ar bhonn an dara habairt d’Airteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(1), agus an t-aistriú sin a chur siar ansin de bhun Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2008/115/CE?

____________

1 Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

1 Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 60).

1     Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 31).

1 Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar (athmhúnlú) (IO 2011 L 337, lch. 9).

1 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (athmhúnlú) (IO 2008 L 348, lch. 98).