Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Arbeitsgericht Mainz (an Ghearmáin) a taisceadh an 2 Bealtaine 2023 - TC v Firma Haus Jacobus Alten- und Altenpflegeheim gGmbH

(Cás C-284/23, Haus Jacobus)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Arbeitsgericht Mainz

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: TC

Cosantóir: Firma Haus Jacobus Alten- und Altenpflegeheim gGmbH

An cheist a tharchuirtear

Iarrtar ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagal 267 CFAE, réamhrialú a thabhairt ar an gceist an bhfuil forálacha náisiúnta na Gearmáine i Míreanna 4 agus 5 den Kündigungsschutzgesetz (An Dlí maidir le cosaint in aghaidh dífhostú, “KSchG”) faoina bhfuil ar bhean, ar bean í atá ag iompar clainne, ag a bhfuil cosaint speisialta i gcoinne dífhostú, caingean a thabhairt go héigeantach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sna forálacha sin d’fhonn an chosaint sin a choimeád, i gcomhréir le Treoir 92/85/CEE 1 .

____________

1 Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO 2006 L 376, lch. 36).