Language of document : ECLI:EU:T:2022:83

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Cúigiú Dlísheomra)

(*)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘CODE-X’ – Focalmharc agus marc fíortha náisiúnta níos luaithe ‘Cody’s’ – Marc fíortha idirnáisiúnta níos luaithe ‘Cody’s’ – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

I gCás T‑198/21,

Ancor Group GmbH, bunaithe in Igersheim (an Ghearmáin), le hionadaíocht ó J. Wachsmuth agus W. Berlit, Dlíodóirí,

iarratasóir,

v

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), le hionadaíocht ó M. Eberl agus E. Markakis, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir,

páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc:

Cody’s Drinks International GmbH, bunaithe in Bremen (an Ghearmáin),

CAINGEAN arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 4 Feabhra 2021 (Cás R 208/2020-5) maidir le himeachtaí freasúra idir Cody’s Drinks International agus Ancor Group,

tugann an CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Cúigiú Dlísheomra),

comhdhéanta de D. Spielmann, Uachtarán, U. Öberg (Rapóirtéir) agus M. Brkan, Breithiúna,

Cláraitheoir: E. Coulon,

ag féachaint don iarratas arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 12 Aibreán 2021,

ag féachaint don fhreagra arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 15 Meitheamh 2021,

ag féachaint don fhíoras nár thíolaic na páirtithe aon iarraidh ar éisteacht laistigh de thréimhse trí seachtaine ón am a tugadh fógra faoi chlabhsúr an chéim i scríbhinn den nós imeachta, agus tar éis a chinneadh rialú ar an gcaingean gan an chuid ó bhéal den nós imeachta, de bhun Airteagal 106(3) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

 Cúlra na díospóide

1        An 30 Aibreán 2018, rinne an t‑iarratasóir iarratas ar thrádmharc an Aontais Eorpaigh a chlárú le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), de bhun Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO 2017 L 154, lch. 1).

2        Is é ‘CODE-X’ an comhartha focail dá n‑iarrtar trádmharc a chlárú.

3        Tagann na hearraí a iarrtar a chlárú faoi Aicme 32 de réir bhrí Chomhaontú Nice a bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha an Chláraithe Marcanna an 15 Meitheamh 1957, arna athbhreithniú agus arna leasú, agus freagraíonn siad don tuairisc seo a leanas: ‘Deochanna boga gan alcól; deochanna gan alcól; deochanna gan alcól saibhrithe le vitaimíní; úscraí chun deochanna gan alcól a dhéanamh nach olaí eisintiúla iad; deochanna fuinnimh; deochanna spóirt ina bhfuil caiféin’.

4        An 28 Lúnasa 2018, rinne Cody’s Drinks International GmbH freasúra i gcoinne an trádmhairc a ndearnadh iarratas ina leith le haghaidh na n‑earraí dá dtagraítear i mír 3 thuas.

5        Bhí an freasúra bunaithe ar na trádmharcanna seo níos luaithe:

–        an focalmharc Gearmánach ‘Cody’s’ a taisceadh an 4 Feabhra 2013 agus a cláraíodh an 7 Márta 2013 faoi Uimhir 302013015320, a thagraíonn do na hearraí a thagann faoi Aicme 32 agus a fhreagraíonn don tuairisc seo a leanas: ‘Beoir, uisce mianraí agus uisce súilíneach agus deochanna eile gan alcól; deochanna torthaí agus súnna torthaí; síoróip agus ullmhóidí eile chun deochanna a dhéanamh’;

–        an marc fíortha Gearmánach ‘Cody’s’ a taisceadh an 10 Márta 2016 agus a cláraíodh an 12 Aibreán 2016, a thagraíonn do na hearraí a thagann faoi Aicme 32 agus a fhreagraíonn don tuairisc seo a leanas: ‘Beoir, uisce mianraí agus uisce súilíneach agus deochanna eile gan alcól; deochanna torthaí agus súnna torthaí; síoróip le haghaidh deochanna; ullmhóidí le haghaidh deochanna’:

Image not found

–        clárú idirnáisiúnta lena n‑ainmnítear an tAontas Eorpach le haghaidh an mhairc fhíortha thuasluaite, a fuarthas an 11 Márta 2016 ar a bhfuil an uimhir 1300293, le haghaidh na n‑earraí dá dtagraítear i mír 5, an chéad fhleasc thuas, a áirítear in Aicme 32.

6        Is é an foras dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) de Rialachán 2017/1001 an foras a luaitear mar thaca leis an bhfreasúra maidir leis an dóchúlacht go mbeadh mearbhall ar an bpobal ábhartha.

7        An 28 Samhain 2019, dhiúltaigh an Rannán Freasúra don fhreasúra ina iomláine, ar an bhforas nach raibh dóchúlacht mearbhaill ann.

8        An 27 Eanáir 2020, rinne Cody’s Drinks International achomharc os comhair EUIPO, de bhun Airteagail 66 go 71 de Rialachán 2017/1001, i gcoinne chinneadh an Rannáin Freasúra.

9        Le cinneadh an 4 Feabhra 2021 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’), ghlac Bord Achomhairc EUIPO leis an achomharc agus chuir sé cinneadh an Rannáin Freasúra ar ceal. Ar an gcéad dul síos, tar éis a lua gur scrúdaigh sé an t‑achomharc a mhéid a bhaineann leis an focalmharc níos luaithe, mheas an Bord Achomhairc gurbh é pobal na Gearmáine i gcoitinne an pobal ábhartha, a bhfuil leibhéal airde a théann ó leibhéal atá níos ísle ná an meánleibhéal go gnáthleibhéal agus go raibh ardleibhéal cosúlachta nó comhionannais idir na hearraí atá i gceist. Ina dhiaidh sin, luaigh an Bord Achomhairc go bhfuil an leibhéal cosúlachta idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht, a bhfuil gnáthleibhéal saincháilíochta acu, níos airde ná an meán, agus go bhfuil ardleibhéal cosúlachta foghraíochta eatarthu, a fhágann go bhfuil na comharthaí sin an‑chosúil lena chéile ar an iomlán, cé go bhfuil siad difriúil ó thaobh an choincheapa de. Ar deireadh, mheas an Bord Achomhairc nár leor na difríochtaí idir na comharthaí sin iad a idirdhealú óna chéile agus nach gá féachaint leis na cosúlachtaí amhairc agus foghraíochta bunaithe ar an neamhchosúlacht choincheapúil. Dá réir sin, tháinig an Bord Achomhairc ar an gconclúid go raibh dóchúlacht ann go mbeadh mearbhall ar an bpobal ábhartha agus sin i dtaca leis an marc fíortha níos luaithe agus leis an gclárú idirnáisiúnta lena n‑ainmnítear an tAontas Eorpach don mharc fíortha sin.

 An tordú atá á lorg ag na páirtithe

10      Iarrann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

–        an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

–        an cinneadh ón Rannán Freasúra lenar diúltaíodh don fhreasúra a choimeád ar bun;

–        a ordú do EUIPO na costais a íoc.

11      Iarrann EUIPO ar an gCúirt Ghinearálta:

–        an chaingean a dhiúltú;

–        a ordú don iarratasóir na costais a íoc.

 Dlí

12      Mar thaca lena chaingean, ardaíonn an t‑iarratasóir saincheist dlí amháin, bunaithe ar shárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán 2017/1001, a mhéid a tháinig an Bord Achomhairc ar an gconclúid, go hearráideach, maidir leis an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith agus an focalmharc níos luaithe agus na marcanna fíortha níos luaithe, go raibh dóchúlacht ann go mbeadh mearbhall ar an bpobal ábhartha.

 An iarraidh ar an gcinneadh atá faoi chonspóid a chur ar ceal

13      De réir bhrí Airteagal 8(1)(b) de Rialachán 2017/1001, i gcás freasúra ó dhílseánach trádmhairc níos luaithe, ní chlárófar an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith más rud é, i ngeall ar an gcomhionannas, nó ar an gcosúlacht, le trádmharc níos luaithe agus ar an gcomhionannas, nó ar an gcosúlacht, leis na hearraí nó seirbhísí atá cumhdaithe ag an dá thrádmharc, gur dócha go mbeadh mearbhall ar an bpobal sa chríoch ina bhfuil an trádmharc níos luaithe cosanta. Áirítear leis an dóchúlacht mearbhaill an dóchúlacht go ndéanfar comhcheangal leis an trádmharc níos luaithe.

14      Beidh dóchúlacht mearbhaill ann i gcás ina bhfuil riosca ann go gceapfadh an pobal go dtagann na hearraí nó na seirbhísí ón ngnóthas céanna nó ó ghnóthais a bhfuil ceangal eacnamaíoch eatarthu. Ní mór an dóchúlacht mearbhaill a mheas ar bhonn foriomlán, i gcomhréir leis an dearcadh atá ag an bpobal ábhartha ar na comharthaí agus ar na hearraí nó seirbhísí atá i gceist, agus gach fachtóir ábhartha sa chás á chur san áireamh. Ciallaíonn an measúnú foriomlán sin go bhfuil spleáchas áirithe idir na fachtóirí a chuirtear san áireamh agus, go háirithe, an chosúlacht idir na trádmharcanna agus idir na hearraí nó seirbhísí a ainmnítear (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Iúil 2003, Laboratorios RTB v OHIM – Giorgio Beverly Hills (GIORGIO BEVERLY HILLS), T‑162/01, EU:T:2003:199, míreanna 30 go 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

 An pobal ábhartha agus na hearraí atá i gceist

15      I gcomhthéacs an mheasúnaithe fhoriomláin ar an dóchúlacht mearbhaill, is é meántomhaltóir na catagóire earraí lena mbaineann, atá réasúnta eolach agus réasúnta géarchúiseach agus cáiréiseach atá le cur san áireamh. Ní mór a chur san áireamh freisin go bhféadfadh leibhéal airde an mheántomhaltóra athrú de réir na catagóire earraí nó seirbhísí atá i gceist (féach breithiúnas an 13 Feabhra 2007, Mundipharma v OHIM – Altana Pharma (RESPICUR), T‑256/04, EU:T:2007:46, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

16      Sa chás seo, mheas an Bord Achomhairc gurbh é pobal na Gearmáine i gcoitinne an pobal ábhartha le haghaidh na n‑earraí atá i gceist, a bhfuil leibhéal airde a théann ó leibhéal atá níos ísle ná an meánleibhéal go gnáthleibhéal agus gur cheart a mheas go raibh na hearraí atá i gceist comhionann lena chéile nó go raibh ardleibhéal cosúlachta eatarthu.

17      Mar réamhphointe, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire nach gcuireann na páirtithe i gcoinne mheasúnuithe an Bhoird Achomhairc i mír 21 den chinneadh atá faoi chonspóid, gurb é pobal na Gearmáine i gcoitinne an pobal ábhartha agus go bhfuil na hearraí atá i gceist comhionann nó go bhfuil ardleibhéal cosúlachta eatarthu.

18      Os a choinne sin, cuireann an t‑iarratasóir i gcoinne, go bunúsach, leibhéal airde an phobail ábhartha agus áitíonn sé go bhfuil meánleibhéal airde nó gnáthleibhéal airde ag an bpobal sin.

19      Áitíonn EUIPO gur chuir an Bord Achomhairc meánleibhéal airde ar a mhéad san áireamh, ar aon nós.

20      Luann an Chúirt Ghinearálta, de réir cásdlí socair, gur earraí gnáth-thomhaltais iad na hearraí atá i gceist atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne a bhfuil meánleibhéal airde acu (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Feabhra 2016, Coca-Cola v OHIM (Cruth buidéil craptha gan chuisliú), T‑411/14, EU:T:2016:94, mír 41; an 16 Márta 2017, Sociedad agraria de transformación n° 9982 Montecitrus v EUIPO Spanish Oranges (MOUNTAIN CITRUS SPAIN), T‑495/15, nár foilsíodh, EU:T:2017:173, mír 27 agus an 26 Meitheamh 2018, Staropilsen v EUIPO – Pivovary Staropramen (STAROPILSEN; STAROPLZEN), T‑556/17, nár foilsíodh, EU:T:2018:382, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

21      Ní thugtar faoi cheist an chonclúid sin leis an gcásdlí dá dtagraíonn an Bord Achomhairc i mír 20 den chinneadh atá faoi chonspóid, ós rud é gur tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid, i ngach ceann de na cásanna sin, go raibh meánleibhéal airde nó gnáthleibhéal airde ag an bpobal ábhartha.

22      Dá réir sin, rinne an Bord Achomhairc earráid nuair a chuir sé san áireamh freisin pobal ábhartha a bhfuil leibhéal airde níos ísle ná an meán, ós rud é gur meánleibhéal atá i gceist, nach bhfuil an‑íseal ná an‑ard.

 An chomparáid idir na comharthaí

23      Maidir leis na comharthaí i gcoinbhleacht a bheith cosúil lena chéile ó thaobh dealraimh, foghraíochta nó coincheapa de, ní mór don mheasúnú foriomlán ar an dóchúlacht mearbhaill a bheith bunaithe ar an imprisean foriomlán a thugann na comharthaí sin, ag féachaint, go háirithe, dá sainghnéithe agus bpríomhghnéithe. Sa mheasúnú foriomlán ar an dóchúlacht mearbhaill sin, is toisc chinntitheach é dearcadh mheántomhaltóir na n‑earraí nó na seirbhísí lena mbaineann ar na trádmharcanna. I ndáil leis sin, is gnách go mbreathnaíonn an meántomhaltóir ar an trádmharc ina iomláine, ní dhéanann sé scrúdú ar na mionghnéithe éagsúla den trádmharc (féach breithiúnas an 12 Meitheamh 2007, OHIM v Shaker, C‑334/05 P, EU:C:2007:333, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

24      Mar sin féin, cé gur gnách go mbreathnaíonn an meántomhaltóir ar an trádmharc ina iomláine agus nach ndéanann sé scrúdú ar na mionghnéithe éagsúla den trádmharc, is amhlaidh fós, agus é ag breathnú ar fhocalchomhartha, go mbrisfidh sé an comhartha sin síos in aonaid focail lena dtugtar brí nithiúil le tuiscint nó atá cosúil le focail atá ar eolas aige (féach breithiúnas an 13 Feabhra 2007, RESPICUR, T‑256/04, EU:T:2007:46, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

25      Is i bhfianaise na bprionsabal sin nach mór a scrúdú, i bhfianaise argóintí na bpáirtithe, an ndearnadh an chosúlacht idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht a mheasúnú i gceart sa chinneadh atá faoi chonspóid.

26      Sa chás seo, is focalmharc atá comhdhéanta de na gnéithe ‘code’ agus ‘x’, arna gceangal le fleiscín, é an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith, agus tá an focalmharc níos luaithe comhdhéanta de na gnéithe ‘cody’ agus ‘s’, agus uaschamóg eatarthu.

–       An chosúlacht amhairc

27      Mheas an Bord Achomhairc, mar gheall ar an gcuid tosaigh ‘cod’, atá coiteann do na comharthaí atá i gcoinbhleacht, agus na consain deiridh ‘x’ agus ‘s’ atá ceangailte leis an gcéad ghné de na comharthaí sin le fleiscín agus uaschamóg faoi seach, gur cheart a mheas go raibh cosúlacht amhairc níos airde ná an meán ag na comharthaí sin. Luaigh an Bord Achomhairc freisin go raibh an fad céanna acu.

28      Áitíonn an t‑iarratasóir, go bunúsach, gur leag an Bord Achomhairc an iomarca béime ar an gcéad chuid de na comharthaí i gcoinbhleacht agus gur beag tábhacht a bhaineann leis an líon céanna litreacha a bheith iontu. Cé go bhfuil trí litir as sé i gcoiteann ag na trádmharcanna, tá an litir ‘e’ sa mharc a ndearnadh iarratas ina leith agus an litir ‘y’ san fhocalmharc níos luaithe difriúil, chomh maith leis na consain deiridh ‘x’ agus ‘s’, atá nasctha le fleiscín agus uaschamóg, faoi seach, agus tá na difríochtaí sin níos feiceálaí i gcomharthaí gearra. Thairis sin, áitíonn an t‑iarratasóir go raibh an focalmharc níos luaithe comhdhéanta d’fhocal amháin, ach go bhfuil dhá fhocal sa mharc a ndearnadh iarratas ina leith. Mar sin, dar leis nach bhfuil na comharthaí atá i gcoinbhleacht cosúil lena chéile ó thaobh amhairc de.

29      Cuireann EUIPO i gcoinne argóintí an iarratasóra.

30      Ar an gcéad dul síos, meabhraíonn an Chúirt Ghinearálta, cé gur rialaíodh cheana gur gnách go mbíonn tionchar níos láidre amhairc ag tús an mhairc ná mar atá ag deireadh an mhairc, sa chaoi go dtugann tomhaltóir níos mó airde, go ginearálta, ar an gcéad chuid den mharc ná ar an gcuid dheireanach, ní hamhlaidh atá i ngach cás (féach breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2018, Kwizda Holding v EUIPO – Dermapharm (UROAKUT), T‑266/17, EU:T:2018:569, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31      Thairis sin, is léir ón gcásdlí, dá ghiorra an comhartha, gur mhó a bheidh an pobal in ann gach ceann dá ngnéithe a fheiceáil. Dá réir sin, i gcás focail ghearra, is minic a thugtar imprisean foriomlán difriúil i gcás difríochtaí, fiú difríochtaí beaga (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Iúil 2004, Grupo El Prado Cervera v OHIM – Héritiers Debuschewitz (CHUFAFIT), T‑117/02, EU:T:2004:208, mír 48, agus an 28 Meán Fómhair 2016, The Art Company B & S v EUIPO – G-Star Raw (THE ART OF RAW), T‑593/15, nár foilsíodh, EU:T:2016:572, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

32      Thairis sin, ós rud é go bhfuil an aibítir comhdhéanta de líon teoranta litreacha, nach n‑úsáidtear chomh minic lena chéile, is rud nach féidir a sheachaint é go bhfuil roinnt focal comhdhéanta den líon céanna litreacha agus go bhfuil litreacha áirithe i gcoiteann acu fiú, gan iad a bheith cosúil lena chéile ó thaobh amhairc de, mar gheall ar an méid sin amháin (féach breithiúnas an 28 Aibreán 2021, Nosio v EUIPO – Tros del Beto (ACCUSÌ), T‑300/20, nár foilsíodh, EU:T:2021:223, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

33      Dála an iarratasóra, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire, cé go bhfuil an chéad ghné ‘cod’ i gcoiteann ag na comharthaí atá i gcoinbhleacht, tá sé charachtar sa dá chomhartha agus níl ach trí cinn acu mar a chéile. Is iad an dá litir dheireanacha agus an fleiscín idir na litreacha ‘e’ agus ‘x’ sa trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith agus uaschamóg idir na litreacha ‘y’ agus ‘s’ san fhocalmharc níos luaithe na difríochtaí idir na gnéithe focail ‘code-x’ agus ‘cody’s’.

34      I ndáil leis sin, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire go bhfuil fleiscín nó uaschamóg agus gutaí nó consain dhifriúla ag deireadh na gcomharthaí sin ina ndifríochtaí suntasacha a bhfuil ról acu in aireachtáil amhairc na gcomharthaí atá i gcoinbhleacht, a fortiori de bhrí nach bhfuil ach fad teoranta acu. Leis an bhfleiscín idir na gnéithe focail ‘code’ agus ‘x’ sa mharc a ndearnadh iarratas ina leith, cuirtear ar chumas don phobal ábhartha a fheiceáil go bhfuil an trádmharc sin comhdhéanta de dhá ghné ar leith. Os a choinne sin, breathnófar ar an uaschamóg leis an ngné focail ‘cody’ a bhfuil ‘s’ ina dhiaidh san fhocalmharc níos luaithe mar thagairt don chéadainm ‘Cody’ sa tuiseal sealbhach, de bhrí go gcumtar an tuiseal sealbhach d’ainmneacha dílse i mBéarla agus, i gcásanna áirithe, i nGearmáinis, ar an gcaoi sin. Féadfaidh an pobal ábhartha, cé nach pobal labhartha Béarla atá iontu, an uaschamóg a leanann ainm a thagann ón mBéarla a thuiscint mar thagairt don tuiseal sealbhach. Murab ionann agus an fleiscín, sa chás seo, ní dhealraíonn sé gur scaradh amhairc atá san uaschamóg.

35      Dá bhrí sin, tá an difríocht a chruthaítear leis na litreacha den aibítir arna scaradh le comharthaí poncaíochta difriúil infheicthe.

36      Mar sin, ní mór teacht ar an gconclúid, bunaithe ar imprisean foriomlán, nach féidir a mheas ach go bhfuil cosúlacht amhairc lag, nó meánchosúlacht amhairc idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht.

37      Dá réir sin, bhí an Bord Achomhairc mícheart nuair a chinn sé go raibh cosúlacht amhairc níos airde ná an meán idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht.

–       An chosúlacht foghraíochta

38      Mheas an Bord Achomhairc gur fuaimníodh an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith mar ‘kodiks’ nó ‘kodex’ agus gur fuaimníodh an focalmharc níos luaithe mar ‘kodis’, sa chaoi, cé go bhfuil an siolla deireanach de na comharthaí atá i gcoinbhleacht difriúil, eadhon ‘e-x’ agus ‘y’s’, go bhfuil ardleibhéal cosúlachta eatarthu ó thaobh na foghraíochta de.

39      Áitíonn an t‑iarratasóir go mbreathnaíonn an pobal ábhartha ar an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith mar thrádmharc atá comhdhéanta de dhá fhocal, a bhfuil briseadh siollach soiléir eatarthu a fhuaimnítear mar ‘kot’ agus ‘iks’. Maidir leis an bhfocalmharc níos luaithe, fuaimnítear é mar ‘kodis’ mar fhocal déshiollach amháin, a dtagann an briseadh siollach roimh an litir ‘d’. Dá bhrí sin, dar leis go bhfuil cosúlacht foghraíochta lag, ar a mhéad, idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht.

40      Cuireann EUIPO i gcoinne argóintí an iarratasóra, ach luann sé, de réir rialacha teanga na Gearmáinise, ní fhuaimneoidh an pobal ábhartha briseadh i ndiaidh na huaschamóige.

41      Tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire go bhfuil na comharthaí atá i gcoinbhleacht cosúil lena chéile ó thaobh na foghraíochta de mar gheall ar na trí litir tosaigh ‘c’, ‘o’ agus ‘d’, a chuirtear san ord céanna. Mar sin féin, tá difríocht eatarthu ina sraitheanna carachtar ‘e-x’ agus ‘y’s’ agus ina struchtúr siollach agus a rithim foghraíochta.

42      Go deimhin, cibé acu a fhuaimnítear an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith i dtrí shiolla ‘ko’, ‘de’ agus ‘iks’ nó ‘ex’ nó in dhá shiolla ‘kod’ agus ‘iks’ nó ‘ex’, tá tionchar ag an bhfleiscín ar fhuaimniú an mhairc sin trí cheann amháin de na bristeacha siollacha a dhéanamh. Mar sin, fuaimneoidh an pobal ábhartha briseadh roimh an siolla ‘iks’ nó an siolla ‘ex’, gan beann ar an gcéad chuid den mharc a ndearnadh iarratas ina leith a bheith fuaimnithe in dhá shiolla nó i siolla amháin. Os a choinne sin, tá an focalmharc níos luaithe comhdhéanta de dhá shiolla, ‘ko’ agus ‘dis’, agus ní fhuaimneoidh an pobal ábhartha ach an briseadh siollach idir an dá shiolla sin, agus ní roimh an litir ‘s’, agus níl aon tionchar ag an uaschamóg ar an bhfuaimniú.

43      Dá réir sin, léirítear leis an litir ‘x’ agus leis an bhfleiscín roimpi briseadh idir na siollaí sa trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith, nach bhfuil san fhocalmharc níos luaithe.

44      Tá tionchar ag na difríochtaí seo ar leibhéal an chuid dheireanach de na comharthaí atá i gcoinbhleacht ar an dearcadh atá ag an bpobal ábhartha orthu ó thaobh na foghraíochta de. Ní féidir an chonclúid sin a thabhairt faoi cheist ar an bhforas go bhfuil sraith de thrí litir ‘c’, ‘o’ agus ‘d’ atá mar a chéile sna comharthaí sin.

45      Dá bhrí sin, tá meánleibhéal cosúlachta idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht ó thaobh na foghraíochta de agus bhí an Bord Achomhairc mícheart nuair a chinn sé go raibh ardleibhéal cosúlachta ann i ndáil leis sin.

–       An chosúlacht choincheapúil

46      Mheas an Bord Achomhairc go raibh na comharthaí atá i gcoinbhleacht, a bhfuil bríonna sonracha difriúla acu a thuigeann an pobal ábhartha go díreach, difriúil ó thaobh coincheapa de.

47      Ní chuireann na páirtithe i gcoinne na conclúide seo ón mBord Achomhairc.

 An dóchúlacht mearbhaill

48      Ciallaíonn an measúnú foriomlán sin ar an dóchúlacht mearbhaill go bhfuil spleáchas áirithe idir na fachtóirí a chuirtear san áireamh agus, go háirithe, an chosúlacht idir na trádmharcanna agus idir na hearraí nó seirbhísí a ainmnítear. Dá réir sin, féadfar leibhéal íseal cosúlachta idir na hearraí nó na seirbhísí a ainmnítear a chúiteamh trí ardleibhéal cosúlachta idir na trádmharcanna, agus a mhalairt (breithiúnais an 29 Meán Fómhair 1998, Canon, C‑39/97, EU:C:1998:442, mír 17, agus an 14 Nollaig 2006, MastJägermeister v OHIM – Licorera Zacapaneca (VENADO le fráma agus páirtithe eile), T‑81/03, T‑82/03 agus T‑103/03, EU:T:2006:397, mír 74).

49      I gcomhthéacs an mheasúnaithe fhoriomláin ar an dóchúlacht mearbhaill, ní bhíonn an tábhacht chéanna ag na gnéithe amhairc, foghraíochta nó coincheapúla de na comharthaí atá i gcoinbhleacht agus is féidir le tábhacht na ngnéithe cosúlachta nó difríochta idir na comharthaí sin a bheith ag brath ar a dtréithe sainiúla féin (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2004, New Look v OHIM – Naulover (NLSPORT, NLJEANS, NLACTIVE agus NLCollection), T‑117/03 go T‑119/03 agus T‑171/03, EU:T:2004:293, mír 49).

50      Sa chás seo, tar éis a dhearbhú go bhfuil gnáthleibhéal saincháilíochta dílse ag an bhfocalmharc níos luaithe agus tar éis a mheabhrú go raibh ardleibhéal comhionannais nó cosúlachta idir na hearraí atá i gceist, tháinig an Bord Achomhairc ar an gconclúid go raibh dóchúlacht ann go mbeadh mearbhall ar an bpobal ábhartha, ó leibhéal níos ísle ná an meánleibhéal go dtí an gnáthleibhéal. Bhí an chonclúid sin bunaithe ar an bhfíoras go raibh leibhéal cosúlachta amhairc os cionn an mheáin ag na comharthaí atá i gcoinbhleacht agus ardleibhéal cosúlachta foghraíochta idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht, sa chaoi, d’ainneoin na difríochta coincheapúla eatarthu, gur cheart a mheas go raibh na comharthaí sin an‑chosúil lena chéile, ar an iomlán. Luann sé freisin nárbh fhéidir na cosúlachtaí a fhritháireamh mar gheall ar ghnéithe amhairc agus foghraíochta a bhí an‑chosúil lena chéile agus go n‑ordaítear na hearraí atá i gceist i dtimpeallacht challánach, den chuid is mó, tar éis iad a fheiceáil ar bhiachlár.

51      Áitíonn an t‑iarratasóir go raibh leibhéal íseal saincháilíochta ag an bhfocalmharc níos luaithe, agus go dtuigfeadh an pobal ábhartha na gnéithe focail ‘cody’ agus ‘’s’ den mharc sin mar an fhoirm ghinideach d’ainm dílis nó mar thuairisc ar thionscnamh geografach na n‑earraí atá i gceist, eadhon baile Cody, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Luann sé freisin go bhfuil na hearraí sin ina dtáirgí tomhaltais a dhíoltar ag asraonta miondíola. Thairis sin, ós rud é nach bhfuil na comharthaí atá i gcoinbhleacht cosúil lena chéile ó thaobh amhairc de agus go bhfuil leibhéal íseal cosúlachta eatarthu ó thaobh na foghraíochta de, tá an difríocht choincheapúil eatarthu de chineál go ndéantar na cosúlachtaí sin a fhritháireamh, sa chaoi nach bhfuil aon dóchúlacht ann go mbeadh mearbhall ar an bpobal ábhartha.

52      Cuireann EUIPO i gcoinne argóintí an iarratasóra.

53      Mar réamhphointe, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire nach gcuireann na páirtithe ina choinne go bhfuil na hearraí atá i gceist comhionann nó go bhfuil ardleibhéal cosúlachta eatarthu.

54      Sa chéad áit, i bhfianaise na n‑argóintí a rinne an t‑iarratasóir go bhfuil saincháilíocht íseal ag an bhfocalmharc níos luaithe, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire, ar thaobh amháin go dtuigfidh an pobal ábhartha an focal ‘cody’ láithreach mar thagairt d’ainm dílis. Ar an dara dul síos, breathnófar ar an uaschamóg agus ar an litir ‘s’ a chuirtear le hainm dílis mar thagairt don chéadainm Cody sa tuiseal sealbhach, de bhrí go gcumtar an tuiseal sealbhach d’ainmneacha dílse i mBéarla agus, i gcásanna áirithe, i nGearmáinis, ar an gcaoi sin. Dá réir sin, breathnóidh an pobal ábhartha ar an ngné focail den fhocalmharc níos luaithe amhail, mar shampla, ainm gnóthais ar le duine darb ainm ‘Cody’ é nó mar ainm duine a dhear na hearraí atá i gceist. Ina n‑iomláine, léiriú amháin atá sna gnéithe a chomhdhéanann an trádmharc sin.

55      Ní thugann an t‑iarratasóir aon fhianaise ar aird lenar féidir a mheas go dtuigfeadh cuid den phobal ábhartha an focalmharc níos luaithe mar thagairt do bhaile Cody, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe.

56      Dá bhrí sin, ní mór a mheas, mar a mheas an Bord Achomhairc, nach bhfuil brí faoi leith leis an bhfocalmharc níos luaithe i bhfianaise na n‑earraí a thagann faoi Aicme 32, sa chaoi go bhfuil gnáthleibhéal saincháilíochta dílse ag baint leis.

57      Sa dara háit, maidir le hanailís an Bhoird Achomhairc, i mír 45 den chinneadh atá faoi chonspóid, ar dá réir is ceart tábhacht ar leith a leagan ar an leibhéal cosúlachta foghraíochta idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht, meabhraíonn an Chúirt Ghinearálta, ar thaobh amháin, i gcomhthéacs measúnú foriomlán ar an dóchúlacht mearbhaill, go bhféadfar an tábhacht atá le leagan ar na gnéithe amhairc, foghraíochta agus coincheapúla de na comharthaí atá i gcoinbhleacht athrú de réir na gcoinníollacha oibiachtúla inar féidir na trádmharcanna a bheith ar an margadh. Ní mór a ghlacadh mar thagairt, sa chomhthéacs sin, na modhanna margaíochta a mbeifí ag súil leo de ghnáth le haghaidh na gcatagóirí tairgí arna n‑ainmniú ag na trádmharcanna atá i gceist (féach breithiúnas an 24 Meitheamh 2014, Rani Refreshments v OHIM – Global-Invest Bartosz Turek (Sani), T‑523/12, nár foilsíodh, EU:T:2014:571, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

58      Ar an dara dul síos, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh sé éasca an difríocht foghraíochta idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht a bhrath i dtimpeallachtaí an‑challánach, amhail i mbeár nó club oíche tráth a mbeidh mórán daoine i láthair, ach ní fhéadfadh gurb é a leithéid de chás a bheith an t‑aon bhunús leis an measúnú ar aon dóchúlacht mearbhaill idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht. Go deimhin, ní mór measúnú den sórt sin a dhéanamh, mar is léir ó shubstaint an chásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, agus an dearcadh atá ag an bpobal ábhartha ar na comharthaí faoi ghnáthchoinníollacha margaíochta á chur san áireamh (breithiúnas an 24 Meitheamh 2014, Sani, T‑523/12, nár foilsíodh, EU:T:2014:571, mír 43).

59      Is fíor, sna breithiúnais dá dtagraíonn an Bord Achomhairc, i mír 45 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur leag an Chúirt Ghinearálta tábhacht ar leith ar an gcosúlacht foghraíochta idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht, toisc go bhféadfaí na hearraí atá i gceist, a thagann faoi earnáil na ndeochanna, agus na ndeochanna meisciúla go sonrach, a ordú de bhéil tar éis dá n‑ainmneacha a bheith feicthe ar an mbiachlár nó ar chlár an fhíona.

60      Mar sin féin, is léir freisin ón gcásdlí nach bhfágann aon ní gur féidir a mheas, go ginearálta, go gceannóidh an tomhaltóir deochanna na deochanna sin i gcomhthéacs comhrá maidir lena n‑ordú i mbeár nó bialann atá plódaithe agus callánach (féach breithiúnas an 24 Meitheamh 2014, Sani, T‑523/12, nár foilsíodh, EU:T:2014:571, mír 43).

61      Thairis sin, mar a luaigh an t‑iarratasóir, agus an ceart aige, is léir freisin ón gcásdlí, fiú má tá na beáir agus bialanna ina gcainéil díolacháin shuntasacha do na hearraí sin, aontaíonn na páirtithe go bhféadfaidh an tomhaltóir na trádmharcanna atá i gceist a fheiceáil sna háiteanna sin, go háirithe ar an mbuidéal a thabharfar dó nó trí mheáin eile, amhail an biachlár nó an clár deochanna, sula n‑ordaíonn sé an deoch ó bhéal. Ina theannta sin, agus thar aon rud eile ní hiad na beáir agus bialanna na haon chainéil díolacháin le haghaidh na n‑earraí lena mbaineann. Díoltar na hearraí sin in ollmhargaí nó pointí miondíola eile, ina roghnaíonn an tomhaltóir féin an táirge agus nach mór dó, dá bhrí sin, dul i muinín íomha an mhairc atá ar an táirge. Mar sin, ní mór a thabhairt faoi deara, go bhféadfaidh na tomhaltóirí na trádmharcanna a fheiceáil, ós rud é go bhfuil na deochanna ar na seilfeanna (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2006, Bitburger Brauerei v OHIM – Anheuser-Busch (BUD, American Bud agus Anheuser Busch Bud), T‑350/04 go T‑352/04, EU:T:2006:330, míreanna 111 agus 112 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 3 Meán Fómhair 2010, Companhia Muller de Bebidas v OHIM – Missiato Industria e Comercio (61 A NOSSA ALEGRIA), T‑472/08, EU:T:2010:347, mír 106).

62      Dá réir sin, cé gur leagadh tábhacht mhór, amanna, ar an dearcadh ar na trádmharcanna ó thaobh na foghraíochta de i gcás deochanna, ní féidir tús áite a thabhairt don mhéid sin i ngach cás (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Meán Fómhair 2010, 61 A NOSSA ALEGRIA, T‑472/08, EU:T:2010:347, mír 106).

63      Sa chás seo, níor cuireadh an fhianaise ar fáil chun a léiriú go n‑ordaítear na hearraí atá i gceist ó bhéal den chuid is mó. Níl aon fhianaise ann a léiríonn go gceannaíonn an pobal na hearraí sin i gcoinníollacha ina mbeadh tábhacht níos mó leis an gcosúlacht foghraíochta idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht ná an chosúlacht amhairc nó choincheapúil sa mheasúnú foriomlán ar an dóchúlacht mearbhaill. Os a choinne sin, má ordaíonn an pobal ábhartha iad i mbeáir agus i mbialanna, déanfaidh siad amhlaidh tar éis dóibh a n‑ainmneacha a fheiceáil ar chlár, nó d’fhéadfadh siad an t‑earra a thabharfar dóibh a scrúdú, sa chaoi go bhféadfaidh siad an trádmharc a fheiceáil chun a chur in iúl gur mian leo é a fháil.

64      In aon chas, fiú má leagtar tábhacht ar leith ar an gcosúlacht foghraíochta idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil ach meánleibhéal cosúlachta i gceist.

65      Go deimhin, is léir ó mhíreanna 15 go 47 thuas, contrártha le conclúid an Bhoird Achomhairc, go bhfuil meánleibhéal airde ag an bpobal ábhartha ar na comharthaí atá i gcoinbhleacht, arna nglacadh le chéile, nach bhfuil ach leibhéal íseal, nó leibhéal meánach cosúlachta eatarthu ó thaobh na foghraíochta de. Ní dhéantar agóid go bhfuil na comharthaí sin difriúil ar an leibhéal coincheapúil.

66      Thairis sin, de réir chásdlí na Cúirte, ciallaíonn an measúnú foriomlán ar an dóchúlacht mearbhaill go bhféadfaidh na difríochtaí coincheapúla idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht na cosúlachtaí foghraíochta agus amhairc idir an dá chomhartha sin a fhritháireamh, a mhéid atá brí shoiléir agus chinnte ag ceann amháin acu ar a laghad, i ndearcadh an phobail ábhartha, a fhágann go dtuigfidh an pobal sin an méid sin láithreach (féach breithiúnas an 4 Márta 2020, EUIPO v Equivalenza Manufactory, C‑328/18 P, EU:C:2020:156, mír 74 agus an cásdlí dá dtagraítear).

67      Maidir leis an bhfocalmharc níos luaithe, mar is léir ó mhír 54 thuas, tuigfidh an pobal ábhartha an bhrí shoiléir agus chinnte atá leis mar thagairt don ainm dílis Cody sa tuiseal sealbhach.

68      Maidir leis an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith, ní mór a mheas go bhfuil an ghné ‘code’ den mharc sin mar chuid de stór focal bunúsach na Gearmáinise agus go dtuigfidh an pobal ábhartha í go díreach mar thagairt d’eochair lenar féidir téacs criptithe a chur ar aghaidh, sraith treoracha i dteanga ríomhairithe, liosta comhaontaithe de chomharthaí teanga agus rialacha maidir lena gcur le chéile nó bealach chun teanga a úsáid atá réamhchinnte trí bheith in aicme shóisialta faoi leith.

69      Thairis sin, ní féidir a chur as an áireamh go mbreathnóidh an pobal ábhartha ar an ngné focail ‘-x’ mar thagairt do charachtar arna úsáid le haghaidh ainm neamhaitheanta nó méid neamhaitheanta, rud neamhaitheanta a fhreagraíonn do mhéid áirithe i gcothromóid nó comhartha de mhéid neamhshainithe.

70      Dá bhrí sin, tuigfidh an pobal ábhartha an focalmharc roimhe sin go díreach mar thagairt d’fhoirm shealbhach an ainm Cody agus go dtagraíonn an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith do chóras focal, litreacha, figiúirí nó siombailí a úsáidtear chun cinn eile a léiriú, go háirithe chun rún a choimeád.

71      Luaigh an Bord Achomhairc féin, i mír 37 den chinneadh atá faoi chonspóid, go bhféadfadh an pobal ábhartha na bríonna éagsúla de na comharthaí atá i gcoinbhleacht a thuiscint go díreach.

72      Mar sin, ní mór teacht ar an gconclúid, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 66, go ndéantar leis an difríocht choincheapúil idir na comharthaí atá i gcoinbhleacht a gcosúlachtaí foghraíochta agus amhairc a fhritháireamh.

73      Dá bhrí sin, ní dócha go gceapfadh an pobal ábhartha, a bhfuil meánleibhéal airde acu, go dtagann na hearraí lena mbaineann ón ngnóthas céanna nó ó ghnóthais atá nasctha lena chéile.

74      Dá bhrí sin, rinne an Bord Achomhairc earráid trína chinneadh go raibh dóchúlacht mearbhaill ann, de réir bhrí Airteagal 8(1)(b) de Rialachán 2017/1001.

75      I mír 48 den chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an Bord Achomhairc go raibh an ghné chéanna focail shainiúil ag an dá mharc fhíortha roimhe sin agus atá ag an bhfocalmharc roimhe sin a scrúdaítear agus gurbh ionann na hearraí a chosnaítear, sa chaoi go ndearna sé an chonclúid mhícheart, maidir le dóchúlacht mearbhaill idir an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith agus an focalmharc níos luaithe, a leathnú chuig an trádmharc fíortha roimhe sin agus clárú idirnáisiúnta lena n‑ainmnítear an tAontas Eorpach den mharc fíortha sin.

76      Mar a thug an t‑iarratasóir faoi deara, maidir leis na trádmharcanna fíortha roimhe sin, rannchuidíonn na gnéithe fíortha breise, arb iad cló bán beagán stílithe agus comhthreomharán dearg, leis na comharthaí atá i gcoinbhleacht a idirdhealú tuilleadh agus aon dóchúlacht go mbeadh mearbhall ar an bpobal ábhartha a chosc.

77      Dá bhrí sin, ní mór glacadh leis an tsaincheist dlí aonair arna hardú ag an iarratasóir agus an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.

 Cinneadh an rannáin freasúra a choimeád ar bun

78      Lena dara cuntar éilimh, iarrann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta cinneadh an Rannáin Freasúra a choimeád ar bun, inar dhiúltaigh sé don fhreasúra i gcoinne chlárú an trádmhairc a ndearnadh iarratas ina leith.

79      Ní mór a thabhairt faoi deara, leis an gcuntar éilimh seo, go bhfuil an t‑iarratasóir ag iarraidh, go bunúsach, go bhfeidhmeoidh an Chúirt Ghinearálta a cumhacht chun cinneadh a athrú chun diúltú don fhreasúra i gcoinne chlárú an trádmhairc a ndearnadh iarratas ina leith le haghaidh gach earra lena mbaineann sé, agus, dá réir sin, go nglacfaidh sí an cinneadh ba chóir don Bhord Achomhairc a ghlacadh nuair a cuireadh an t‑achomharc faoina bhráid.

80      I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach mór an chumhacht chun cinneadh a athrú, a thugtar don Chúirt Ghinearálta de bhun Airteagal 72(3) de Rialachán 2017/1001, a bheith teoranta, i bprionsabal, do chásanna inar féidir leis an gCúirt Ghinearálta, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnú an Bhoird Achomhairc, ar bhonn na ngnéithe fíorais agus dlí mar atá suite, an cinneadh a bhí ar an mBord Achomhairc a ghlacadh (breithiúnas an 5 Iúil 2011, Edwin v OHIM, C‑263/09 P, EU:C:2011:452, mír 72).

81      Sa chás seo, comhlíontar na coinníollacha maidir le feidhmiú chumhacht na Cúirte Ginearálta cinneadh a athrú. Is léir ó na breithnithe arna bhforbairt i míreanna 15 go 77 thuas gur ceanglaíodh ar an mBord Achomhairc, dála an Rannáin Freasúra, a chinneadh nach raibh aon dóchúlacht mearbhaill ann. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don fhreasúra.

 Na costais

82      De réir Airteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis.

83      Ós rud é gur chaill EUIPO, ní mór a ordú dó na costais a íoc, i gcomhréir leis an ordú arna lorg ag an iarratasóir.

Ar na forais sin,

rialaíonn an CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Cúigiú Dlísheomra)

mar seo a leanas:

1.      Cuirtear cinneadh an Chúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 4 Feabhra 2021 (Cás R 208/2020-5) ar neamhní.

2.      Diúltaítear don fhreasúra arna déanamh ag Cody’s Drinks International GmbH.

3.      Ordaítear do EUIPO na costais a íoc.

Spielmann

Öberg

Brkan

Fógraíodh amhlaidh i gcúirt phoiblí i Lucsamburg, an

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Ghearmáinis