Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 7 Lúnasa 2023 – DL v Land Berlin
(Cás C-501/23, Finanzamt Wilmersdorf)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Féichiúnaí agus achomharcóir: DL
Creidiúnaí agus freagróir: Land Berlin
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcaithfear an chéad abairt den tríú fomhír d’Airteagal 3(1), arna léamh i gcomhar le pointe 10 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (athmhúnlú) 1 (“an Rialachán Eorpach Dócmhainneachta”) a léiriú sa chaoi gur bunaíocht í áit oibríochtaí duine aonair atá i mbun gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil fiú má chuirtear na hoibríochtaí i gcrích gan aon mhodhanna daonna ná sócmhainní?
Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 1: An gcaithfear an chéad abairt den tríú fomhír d’Airteagal 3(1) den Rialachán Eorpach Dócmhainneachta a léiriú sa chaoi, mura bhfuil bunaíocht de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 2 den Rialachán Eorpach Dócmhainneachta ag duine aonair atá i mbun gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil, go ndéantar toimhde gurb é an lárionad príomhleasanna an áit ina shaothraítear an gnó neamhspleách nó an gníomhaíocht ghairmiúil, in éagmais fianaise dá mhalairt?
Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 2: An gcaithfear Airteagal 3(1) den Rialachán Eorpach Dócmhainneachta a léiriú sa chaoi, i gcás duine aonair a shaothraíonn gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil nach bhfuil bunaíocht aige de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 2 den Rialachán Eorpach Dócmhainneachta, go ndéantar toimhde gurb é an lárionad príomhleasanna ná gnáthchónaí an duine sin de bhun na chéad abairte den cheathrú fomhír d’Airteagal 3(1) den Rialachán Eorpach Dócmhainneachta, in éagmais fianaise dá mhalairt?
____________
1 IO 2015 L 141, lch. 19.