Language of document :

Caingean arna tabhairt an 20 Samhain 2023 – Evroins inshurans grup v ÚEÁPC

(Cás T-1094/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Evroins inshurans grup AD (Sóifia, an Bhulgáir) (ionadaithe: H. Drăghici, A. Morogai agus F. Giurgea, Dlíodóirí)

Cosantóir: An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde an 19 Meán Fómhair 2022 (EIOPA-23-719) (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní; agus, dá réir sin,

a ordú do ÚEÁPC athmheasúnú a dhéanamh ar iarratas an iarratasóra ar imscrúdú a thionscnamh maidir le sárú féideartha ar dhlí an Aontais Eorpaigh ag an Autoritatea de Supraveghere Financiară (Údarás Maoirseachta Airgeadais na Rómáine).

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh ÚEÁPC Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 agus Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. 2

Rinne ÚEÁPC earráid dlí trína dhiúltú imscrúdú a thionscnamh maidir le sárú féideartha ar dhlí an Aontais Eorpaigh ag an Autoritatea de Supraveghere Financiară gan ráiteas cuimsitheach ar chúiseanna a sholáthar sa chinneadh atá faoi chonspóid.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh ÚEÁPC a inniúlacht faoi Rialachán 1094/2010 tríd an gcinneadh atá faoi chonspóid a eisiúint.

Rinne ÚEÁPC earráid dlí trína chinneadh nár sáraíodh reachtaíocht an Aontais, ar thaobh amháin, agus le cinneadh gan imscrúdú a dhéanamh ar sáraíodh nó nár sáraíodh reachtaíocht an Aontais, ar an taobh eile. Tá cuma nach beag na ciorclachta ar réasúnaíocht ÚEÁPC toisc gur cinneadh nach ndearnadh aon sárú gan imscrúdú a dhéanamh ar tharla a leithéid de shárú iarbhír.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh ÚEÁPC Treoir 2009/138.

Rinne ÚEÁPC earráid dlí trí mhainneachtain gníomhú de réir a dhualgas faoi Threoir 2009/138 agus an t-ord a athbhunú sa chás seo mar sin. Ós rud é gur eisigh sé an cinneadh atá faoi chonspóid de shárú ar Threoir 2009/138, níor fhíoraigh ÚEÁPC an ndearna nó nach ndearna Autoritatea de Supraveghere Financiară de réir fhorálacha Airteagail 32(1) agus 250(1)(c) de Threoir 2009/138.

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO 2010 L 331, lch. 48).

1 Treoir 2009/138/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) ((leagan athmhúnlaithe) (IO 2009 L 335, lch. 1).