Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2023 – KHG v EUIPO – Dreams (Dreamer)

(Cás T-608/22)1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar an marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Dreamer’ – Focalmharc an Aontais Eorpaigh a bhí ann roimhe seo ‘DREAMS – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: KHG GmbH & Co. KG (Schönefeld, an Ghearmáin) (ionadaithe: D. Gehnen, K. Ritzmann, C. López Hernando, M. Nathrath agus E. Altintas, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomharc EUIPO : Dreams Ltd (High Wycombe, an Ríocht Aontaithe)

Ábhar

Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir an Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Meitheamh 2022 (Cás R 1975/2021-2) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear an Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Meitheamh 2022 (Cás R 1975/2021-2) ar neamhní go páirteach, a mhéid a dhiúltaítear leis don achomharc a mhéid a bhaineann le ‘clóbhrat teicstíle’ a thagann faoi Aicme 24 a chumhdaítear leis an trádmharc a iarrtar.

Díbhtear an chuid eile den chaingean.

Ordaítear do KHG GmbH & Co. KG agus EUIPO a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 441, 21.11.2022.