Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Prahova (an Rómáin) a taisceadh an 16 Lúnasa 2023 – Weatherford Atlas Gip SA v Agenția Națională de Administrare Fiscală – Direcția Generală de Soluționare a Contestațiilor, Agenția Națională de Administrare Fiscală – Direcția Generală de Administrare a Marilor Contribuabili
(Cás C-527/23, Weatherford Atlas Gip)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunalul Prahova
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Weatherford Atlas Gip SA
Cosantóirí: Agenția Națională de Administrare Fiscală – Direcția Generală de Soluționare a Contestațiilor, Agenția Națională de Administrare Fiscală – Direcția Generală de Administrare a Marilor Contribuabili
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, 1 arna léamh i bhfianaise phrionsabal na neodrachta fioscaí, a léiriú sa chiall go gcuirtear cosc leis, in imthosca amhail iad siúd sna príomhimeachtaí, ar an údarás cánach diúltú do dhuine inchánach an cháin bhreisluacha a íocadh ar sheirbhísí riaracháin a fuarthas a asbhaint i gcás ina suitear gur áiríodh na costais uile a tabhaíodh i ndáil leis na seirbhísí a fuarthas i gcostais ghinearálta an cháiníocóra agus nach ndéanann an duine inchánach ach idirbhearta inchánach, go ndeimhníonn an t-údarás cánach soláthar na seirbhísí go sainráite agus gurb é an láimhseáil chánach a chuirtear i bhfeidhm an t-aismhuirear (lena n-eisiafaí caillteanas do bhuiséad an Stáit)?
Agus forálacha Airteagal 2 agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha á léiriú, in imthosca amhail imthosca na bpríomhimeachtaí, an féidir le gach comhalta seirbhísí bainistíochta agus riarachán (i.e. seirbhísí cúnaimh agus comhairleacha i réimsí éagsúla, comhairle airgeadais agus comhairle dlí) a chuirtear ar fáil idir cuideachtaí laistigh de ghrúpa ar mhaithe le roinnt comhaltaí den ghrúpa a mheas mar sheirbhísí a úsáidtear chun críocha idirbheart inchánach is é sin le rá, a fuarthas chun a chríocha féin?
Agus Airteagal 2 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha breisluacha á léiriú, má shuitear nach soláthraítear na seirbhísí laistigh de ghrúpa do dhuine de chomhaltaí an ghrúpa, an féidir an duine inchánach, ag gníomhú dó amhlaidh, a mheas mar dhuine inchánach atá mar chuid den ghrúpa ach a mheastar nach bhfuair sé na seirbhísí sin?
____________
1 IO 2006 L 347, lch. 1.