Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 13 Nollaig 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad – an Bhulgáir) – P. G.
(Cás C-319/23 1 , Avdzhilov 2 )
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte – Freagra is féidir a bhaint go soiléir ón gcásdlí – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála – Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 – Airteagal 7(1)(b), an dara fleasc – Dlínse idirnáisiúnta agus chríche i gcúrsaí conartha – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Iarratas ar chúiteamh d’aerphaisinéirí mar gheall ar eitilt a cuireadh ar ceal – Airteagal 5(1)(c) – Airteagal 7(1)(a) – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear d’fhorais eile dlínse i bhfabhar tomhaltóirí)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Sofiyski rayonen sad
Páirtithe
Iarratasóir sna himeachtaí a bhaineann le horduithe íocaíochta: P. G.
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 7(1)(b), dara fleasc, de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 an 12 Nollaig 2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
i gcás inarb infheidhme an fhoráil sin, caithfidh cúirt Bhallstáit a éisteann caingean le haghaidh cúiteamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 an 11 Feabhra 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91, scrúdú a dhéanamh ar a dhlínse idirnáisiúnta agus chríche i bhfianaise na forála sin, d’ainneoin go bhféadfadh foras eile dlínse i bhfabhar tomhaltóirí a bheith ann sa reachtaíocht náisiúnta.
____________
1 Dáta taiscthe: 25.5.2023
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí