Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj (an Rómáin) an 25 Iúil 2023 – Voestalpine Giesserei Linz v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Cluj, Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca
(Cás C-475/23, Voestalpine Giesserei Linz)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Cluj
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir agus Achomharcóir: Voestalpine Giesserei Linz
Cosantóirí agus Freagróirí: Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Cluj, Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcuirtear cosc le forálacha Threoir 2006/112/CE ón gComhairle 1 , maidir leis an gceart chun CBL a asbhaint, ar chleachtas náisiúnta faoina bhfaigheann cuideachta sócmhainn, a chuireann sí ar fáil ina dhiaidh sin d’fhochonraitheoir, saor in aisce, chun críche gníomhaíochtaí a chur i gcrích ar mhaithe leis an gcéad chuideachta, diúltaítear don chuideachta sin an ceart chun an CBL a bhaineann leis an tsócmhainn fhaighte a asbhaint, ar an bhforas go meastar nach chun críocha a idirbheart inchánach atá an éadáil, ach chun críocha idirbhearta inchánach an fhochonraitheora?
An gcuirtear cosc le forálacha Threoir 2006/112/CE ón gComhairle, maidir leis an gceart chun CBL a asbhaint, ar chleachtas náisiúnta faoina ndiúltaítear don cháiníocóir an ceart chun asbhaint a dhéanamh ar an bhforas nár choinnigh sé cuntais ar leith don bhuan-bhunaíocht sa Rómáin, agus ar an gcúis sin ní féidir leis na húdaráis chánach costais an tsaothair a úsáidtear le haghaidh teilgin arb é [an cáiníocóir sin] a n-úinéir nó fiú an ghníomhaíocht phróiseála iomlán a dhéantar ar chríoch na Rómáine a fhíorú?
____________
1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).