Caingean arna tabhairt an 20 Feabhra 2023 — Boshab v an Chomhairle
(Cás T-89/23)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Evariste Boshab (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf agus A. Guillerme, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
Cinneadh (CBES) 2022/2412 ón gComhairle an 8 Nollaig 20221 a neamhniú, a mhéid a choimeádtar leis an t-iarratasóir faoi Uimh. 5 den iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin;
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2401 ón gComhairle an 8 Nollaig 20221 a neamhniú, a mhéid a choimeádtar leis an t-iarratasóir faoi Uimh. 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán sin.
a ordú don Chomhairle na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, braitheann an t-iarratasóir ar dhá shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó cosúil leo siúd a bhfuiltear ag brath orthu i gCás T-88/23 Kande Mupompa v an Chomhairle.
____________
1 Cinneadh (CBES) 2022/2412 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2022 L 317, lch. 122).
1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2401 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2022 L 317, lch. 32).