Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale regionale di giustizia amministrativa della Regione autonoma Trentino - Alto Adige/Südtirol (an Iodáil) a taisceadh an 15 Eanáir 2024 – Lega Anti Vivisezione (LAV), Lega per l’Abolizione della Caccia (LAC) v Provincia autonoma di Trento, Istituto Superiore per la Protezione e la Ricerca Ambientale (ISPRA), Ministero dell’Ambiente e della Sicurezza energetica

(Cás C-27/24, LAV agus LAC - I)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale regionale di giustizia amministrativa della Regione autonoma Trentino - Alto Adige/Südtirol

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Lega Anti Vivisezione (LAV), Lega per l’Abolizione della Caccia (LAC)

Cosantóirí: Provincia autonoma di Trento, Istituto Superiore per la Protezione e la Ricerca Ambientale (ISPRA), Ministero dell’Ambiente e della Sicurezza energetica

Na ceisteanna a tharchuirtear

Ar bhonn fhorálacha Airteagal 16 de Threoir 92/43/CEE1 , a luaithe a shuítear go bhfuil ceann de na cásanna dá dtagraítear go sainráite i mír (a) go mír (e) d’Airteagal 16(1) ann agus gur comhlíonadh an coinníoll ‘nach ndéanann an maolú aon dochar do chothabháil líonta na speiceas lena mbaineann ar stádas caomhantais fabhrach ina raon nádúrtha’, chun críche údarú a dheonú chun maolú ar an toirmeasc ar ‘gach gníomhaíocht a bhaineann le heiseamail na speiceas sin san fhiántas a ghabháil nó a mharú agus sin a dhéanamh d’aon ghnó’, atá leagtha síos in Airteagal 12(a) den Treoir sin, an bhfuil an coinníoll breise ‘nach bhfuil aon chur chuige malartach ann’ le léiriú sa chaoi a chiallaíonn nach mór don údarás inniúil a thaispeáint nach bhfuil aon chur chuige malartach ann lena gcuirfear cosc ar an ainmhí a bhaint dá raon nádúrtha, as a leanann féidearthacht rogha réasúnaithe maidir leis an mbeart atá le glacadh go praiticiúil, arb é a bheidh ann an t-ainmhí a ghabháil agus a choimeád i ngéibheann buan nó é a mharú, agus na bearta sin á gcur ar chomhchéim?

Ar bhonn fhorálacha Airteagal 16 de Threoir 92/43/CEE, a luaithe a shuítear go bhfuil ceann de na cásanna dá dtagraítear go sainráite i mír (a) go mír (e) d’Airteagal 16(1) ann agus gur comhlíonadh an coinníoll ‘nach ndéanann an maolú aon dochar do chothabháil líonta na speiceas lena mbaineann ar stádas caomhantais fabhrach ina raon nádúrtha’, chun críche údarú a dheonú chun maolú ar an toirmeasc ar ‘gach gníomhaíocht a bhaineann le heiseamail na speiceas sin san fhiántas a ghabháil nó a mharú agus sin a dhéanamh d’aon ghnó’, atá leagtha síos in Airteagal 12(a) den Treoir sin, an bhfuil an coinníoll breise ‘nach bhfuil aon chur chuige malartach ann’ le léiriú sa chaoi a chiallaíonn go bhforchuirtear leis ar an údarás inniúil oibleagáid a roghnú, mar rogha na tosaíochta, gabháil chun críocha an t-ainmhí a choinneáil i ngéibheann (géibheann buan), agus sa chás go bhfuil an réiteach sin dodhéanta go hoibiachtúil agus nach bhfuil sé dodhéanta go sealadach a cheadaítear iad a dhiúscairt trí mharú, agus ordlathas docht a bheith ann idir na bearta sin?

____________

1     Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO 1992 L 206, lch. 7).