Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024 – Adeva v EUIPO – Sideme – (MAISON CAVIST.)
(Cás T-313/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí maidir le cealú – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh MAISON CAVIST – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe CAVISS – Foras coibhneasta le neamhbhailíocht – Baol mearbhaill – Airteagail 60(1)(a) agus 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Adeva (Mitry-Mory,an Fhrainc) (ionadaí : S. Drillon, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: C. Bovar agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Société industrielle d’équipement moderne Sideme (Levallois-Perret, an Fhrainc) (ionadaí : J.-B. Bourgeois, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 31 Márta 2023 (Cás R 1623/2022-2).
An chuid oibríochtúil
Díbhtear an chaingean.
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 261, 24.7.2023.