Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024 – Tsakiris v EUIPO –
Coca-Cola 3E Ellados (Le Petit Déjeuner TSAKIRIS FAMILY)
(Cás T-303/23)1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Le Petit Déjeuner TSAKIRIS FAMILY – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe TSAKIRIS CHIPS – Damáiste do chlú– Úsáid gan chúis chuí – Airteagal 8(5) agus Airteagal 53(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagail 8(5) agus 60(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] – Airteagal 81 CFAE)
Teanga an cháis: an Ghréigis
Páirtithe
Iarratasóir: Tsakiris AE Paragogis & Emporias Trofimon (Thessaloniki, an Ghréig) (ionadaí: A. Papaspyropoulos, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Coca-Cola 3E Ellados AVEE (Maroussi, an Ghréig) (ionadaí : E. Kyriakidi, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Márta 2023 (Cás R 1012/2020-1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear an chaingean.
Ordaítear do Tsakiris AE Paragogis & Emporias Trofimon a chostais agus costais Coca-Cola 3E Ellados AVEE a íoc.
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 286, 14.8.2023.