Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Eanáir 2024 – ILovePDF v EUIPO (ILOVEPDF)
(Cás T-60/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ILOVEPDF – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa saintréithe – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001 – Ionchais dhlisteanacha – Cóir chomhionann)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: ILovePDF, SL (Barcelona, an Spáinn) (ionadaithe: J. Oriol Asensio, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh an Chúigiú Bord Achomhairc ó Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 18 Samhain 2022 (Cás R 641/2021-5) a chur ar neamhní agus a athrú.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean;
Ordaítear do ILovePDF, SL agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 112, 27.3.2023