Caingean arna tabhairt an 14 Aibreán 2023 — an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Laitvia
(Cás C-238/23)
Teanga an cháis: an Laitvis
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: U. Małecka, L. Malferrari agus I. Naglis)
Cosantóir: Poblacht na Laitvia
An t-ordú atá á lorg
Go ndearbhófar gur mhainnigh Poblacht na Laitvia na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid 1 a chomhlíonadh, trí mhainneachtain na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú nó, in aon chás, trí mhainneachtain na forálacha sin a chur in iúl don Choimisiún.
Go n-ordófar do Phoblacht na Laitvia cnapshuim de EUR 490 a íoc in aghaidh an lae, d’íosmhéid cnapshuime de EUR 196 000.
Go n-ordófar do Phoblacht na Laitvia, i gcás go leanfadh an neamhchomhlíonadh arna leagan amach sa chéad phointe go dtí an dáta a thabharfar breithiúnas sa chás seo, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a íoc leis an gCoimisiún de mhéid EUR 2 646 do gach lá moille ón lá a thabharfar breithiúnas sa chás seo go dtí an lá a chomhlíonfaidh Poblacht na Laitvia a hoibleagáidí faoin Treoir.
Go n-ordófar do Phoblacht na Laitvia na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
I gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Threoir (AE) 2019/1024, ar an 17 Iúil 2021 ar a dhéanaí, bhí ar na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir sin a chomhlíonadh a ghlacadh agus iad a chur in iúl don Choimisiún.
Chuir an Laitvia roinnt forálacha reachtacha in iúl; seachas na leasuithe a rinneadh ar Informācijas atklātības likums (Dlí maidir le nochtadh faisnéise) áfach, ní dhéantar tagairt don Treoir le haon cheann de na forálacha a cuireadh in iúl agus, i roinnt de na forálacha a cuireadh in iúl, rinneadh na leasuithe fiú roimh ghlacadh na Treorach.
Ní thrasuitear an Treoir ach go páirteach leis na forálacha reachtacha arna gcur i iúl.
____________
1 IO 2019 L 172, lch. 56.