Language of document :

Caingean arna tabhairt an 23 Bealtaine 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Cróite

(Cás C315/23)

Teanga an cháis: an Chróitis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Escobar Gómez, M. Mataija, P. Ondrůšek, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Cróite

An t-ordú atá á lorg

a dhearbhú gur mhainnigh Poblacht na Cróite a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 260(1) CFAE a chomhlíonadh, a mhéid a mhainnigh sí na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gCás C-250/18, an Coimisiún v an Chróit (líonadh talún Biljane Donje) a chomhlíonadh;

a ordú do Phoblacht na Cróite cnapshuim EUR 840 a íoc leis an gCoimisiún, arna hiolrú faoi líon na laethanta a chuaigh in éag ón dáta a fógraíodh an breithiúnas i gCás C-250/18 an 2 Bealtaine 2019 go dtí an dáta a chomhlíonann Poblacht na Cróite an breithiúnas, nó dáta fógartha an bhreithiúnais sna himeachtaí seo, pé acu sin is túisce a tharlóidh, agus EUR 392 000 a shocrú mar chnapshuim íosta;

a ordú do Phoblacht na Cróite íocaíocht phionósach thréimhsiúil EUR 7560 a dhéanamh leis an gCoimisiún ó dháta fógartha an bhreithiúnais sa chás seo go dtí an dáta a chomhlíonfaidh Poblacht na Cróite an breithiúnas i gCás C-250/18; agus

a ordú do Phoblacht na Cróite costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I gCás C-250/18, an Coimisiún v an Chróit (Líonadh talún Biljane Donje), chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur mhainnigh Poblacht na Cróite a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 5(1) de Threoir 2008/98 a chomhlíonadh toisc nár aithin sí gur dramhaíl, seachas seachtháirge, é tathagú cloiche a cuireadh isteach i líonadh talún Biljane Donje, agus go gcaithfear é a phróiseáil mar dhramhaíl; gur mhainnigh sí a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 13 den Treoir sin a chomhlíonadh trí mhainneachtain na bearta go léir is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ndearnadh an dramhaíl a stóráladh in Biljane Donje a bhainistiú gan sláinte an duine a chur i mbaol agus gan dochar a dhéanamh don chomhshaol; agus gur mhainnigh sí ina hoibleagáidí faoi Airteagal 15(1) den Treoir sin toisc nár ghlac sí na bearta is gá chun a áirithiú go ndearna sealbhóir féin na dramhaíola a stóráladh in Biljane Donje an dramhaíl a chóireáil nó gur chuir sé cóireáil na dramhaíola de chúram ar thrádálaí nó bunaíocht nó gnóthas a dhéanann oibríochtaí cóireála dramhaíola nó arna socrú ag bailitheoirí dramhaíola príobháideach nó poiblí. Toisc gur mhainnigh Poblacht na Cróite na bearta is gá a ghlacadh chun deireadh a chur leis an mainneachtain na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh, chinn an Coimisiún an t-ábhar a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.1

I gcomhréir le hAirteagal 260 CFAE, molann an Coimisiún ina iarratas go n-íocfaidh Poblacht na Cróite cnapshuim EUR 840 arna hiolrú le líon na laethanta ó fhógairt an bhreithiúnais i gCás C-250/18 go dtí an lá a chomhlíontar an breithiúnas sin, nó dáta fógartha an bhreithiúnais sna himeachtaí seo, pé acu sin is túisce a tharlóidh, agus EUR 392 000 a shocrú mar chnapshuim íosta, mar aon le híocaíocht phionósach thréimhsiúil EUR 7560 in aghaidh an lae, arna ríomh ó dháta fógartha an bhreithiúnais sa chás seo go dtí an dáta a chomhlíonfaidh Poblacht na Cróite an breithiúnas i gCás C-250/18.

____________

1 Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena leasaítear Treoracha áirithe (IO 2008 L 312, lch. 3).