Achomharc arna thabhairt an 1 Meitheamh 2023 ag Puma SE i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Triú Dlísheomra) a tugadh an 22 Márta 2023 i gCás T-5/22, Puma v EUIPO
(Cás C-345/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Puma SE (ionadaithe: M. Schunke, P. Trieb, Rechtsanwälte)
Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Le hordú an 18 Deireadh Fómhair 2023, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur chóir do Puma SE a chostais féin a íoc.
____________