Achomharc arna thabhairt an 17 Aibreán 2023 ag Societatea Naţională "Aeroportul Internaţional Timişoara - Traian Vuia" SA (AITTV) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (Ochtú Dlísheomra, Comhdhéanamh Breisithe) a tugadh an 8 Feabhra 2023 i gCás T 522/20, Carpatair v an Coimisiún
(Cás C-246/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Societatea Naţională "Aeroportul Internaţional Timişoara - Traian Vuia" SA (AITTV) (ionadaithe: V. Power, R. Hourihan, Dlíodóirí)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Carpatair SA, An Coimisiún Eorpach, Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt:
− Breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar neamhní agus an chaingean le haghaidh neamhniú a thug Carpatair i gcoinne an Chinnidh1 , a dhíbhe, agus a bhreithiúnas féin a thabhairt san ábhar ag díbhe cás Carpatair ina iomláine (lena n-áirítear an tríú agus an ceathrú saincheist a fágadh gan cinneadh ag an gCúirt Ghinearálta) nó an t-ábhar a tharchur chun na Cúirte Ginearálta le haghaidh athéisteachta, agus
− ceist chostais Carpatair agus AITTV a fhorchoimeád má tharchuirtear an cás chuig an gCúirt Ghinearálta nó, má chuireann an Chúirt Onórach seo a breithiúnas féin in ionad ansin a ordú do Carpatair a chostais féin agus costais AITTV a íoc ar an gcéad dul síos agus ar achomharc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Áitíonn an tAchomharcóir gur cheart an breithiúnas atá á achomharc a chur ar neamhní ar na forais seo a leanas:
Saincheist a 1 – earráid dlí nuair a mheastar go bhfuil gníomh Carpatair inghlactha ainneoin nach bhfuil “tionchar substaintiúil” ag na socruithe atá faoi chonspóid ar Carpatair;
Saincheist a 2 - earráid dlí le cinneadh go raibh na socruithe roghnach;
Saincheist a 3 - earráid sa dlí trí inghlacthacht an mheasúnaithe ex ante a dhiúltú;
Saincheist a 4 - neamhaird a thabhairt ar bhreithnithe ábhartha (m.sh., trí thuarascáil Oxera a mheas mar “neamhábhartha”), agus
Saincheist a 5 - theip ar fhianaise a chuir an Coimisiún, Wizz agus AITTV isteach a chur san áireamh go leordhóthanach maidir leis an easpa ábhartha iomaíochta idir Wizz agus Carpatair nuair a tugadh na socruithe chun críche.
____________
1 Cinneadh (AE) 2021/1428 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2020 MAIDIR LEIS AN gCÚNAMH STÁIT SA.31662 – C/2011 (sean-NN/2011) arna chur chun feidhme ag an Rómáin le haghaidh Aerfort Idirnáisiúnta Timișoara – Wizz Air (IO 2021 L 308, lch. 1) .