Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 18 Aibreán 2023 — Novo Nordisk AS v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-248/23, Novo Nordisk)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Novo Nordisk AS

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 90(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 a léiriú sa chaoi go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta atá faoi chonspóid sna príomhimeachtaí ar neamhréir leis, reachtaíocht ar dá réir nach bhfuil cuideachta cógaisíochta a dhéanann íocaíochtaí ex lege leis an ngníomhaireacht stáit d’árachás sláinte bunaithe ar mhéid an ioncaim a fhaightear as táirgí cógaisíochta arna maoiniú go poiblí i dteideal an bonn cánach a laghdú a posteriori, ós rud é go ndéantar na híocaíochtaí ex lege, gur féidir íocaíochtaí a dhéantar faoi chomhaontú maidir le méid an mhaoinithe agus infheistíochtaí arna ndéanamh ag an gcuideachta sa taighde agus forbairt in earnáil na sláinte a asbhaint ón mbonn don oibleagáid íocaíochta, agus go mbailíonn an t-údarás cánach stáit an méid atá dlite, agus go n-aistríonn sé láithreach bonn é chuig an ngníomhaireacht stáit d’árachas sláinte?

____________

1 IO 2006 L 347, lch. 1.